- Réamhrá
Féadtar liúntais taistil agus chothaithe a íoc i leith taisteal riachtanach a dhéantar chun gnó na scoile a chur i gcrích.
- Ba cheart don bhord bainistíochta cinneadh a dhéanamh i leith na gcineálacha agus na gcatagóirí gnó scoile a bhféadtar costais a íoc ina leith.
Chun ceanglais na gCoimisinéirí Ioncaim agus deachleachtas maidir le rialachas agus bainistiú airgeadais a chomhlíonadh, ba cheart don bhord bainistíochta beartas a chomhaontú agus a fhormheas gach bliain maidir le costais taistil agus chothaithe a íoc le comhaltaí an bhoird bainistíochta agus le pearsanra eile scoile.
Leis an Acht Airgeadais, 2022, tugadh isteach Alt 897C lena gceanglaítear ar fhostóirí mionsonraí faoi chostais agus sochair áirithe a thugtar do shealbhóirí oifige a thuairisciú. Dá bhrí sin, ní mór aon aisíocaíocht as costais taistil nó chothaithe a íoctar le fostaithe nó le comhaltaí boird bainistíochta a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim trí chóras na gCeanglas Tuairiscithe Feabhsaithe (ERR) ar ROS. Is féidir tuilleadh faisnéise ar ERR a fháil anseo.
- Comhairle athbhreithnithe a fuarthas ó na Coimisinéirí Ioncaim, le héifeacht ó Eanáir 2025: Ní gá costais taistil agus chothaithe a íoctar le comhaltaí boird ná le hoibrithe deonacha eile a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.
Féach Treoirlíne P15-2024/2025 Ceanglais Fheabhsaithe Tuairiscithe na gCoimisinéirí Ioncaim le tuilleadh eolais a fháil ar an gceist seo.
-
Íoslódáil an treoir airgeadais iomlán (PDF) anseo.

