Achmhainní/Boird Bhainistíochta

Boird Bhainistíochta

Bord Bainistíochta 2023/2027

Beidh deireadh ag teacht le téarma oifige ceithre bliana bhoird bhainistíochta gach bunscoile atá ann faoi láthair ar an 30ú Samhain 2023 agus tarlóidh an t-athrú do na Boird nua ón 1ú Nollaig 2023.

 

Cuireann ciorclán Na Roinne Oideachais Ciroclán 0049/2023 (a foilsíodh ar an 21ú Meán Fómhair 2023) údaráis bhunscoileanna ar an eolas gur foilsíodh an Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023 – 2027 i ndiaidh comhairliúcháin a dhéanamh le comhpháirtithe oideachais.

 

Tá an Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023 – 2027 ar fáil go leictreonach amháin faoi láthair. Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais cóipeanna crua den lámhleabhar a sholáthar do scoileanna in am trátha nuair a bheidh próiseas soláthair phoiblí agus clódóireacht an lámhleabhair críochnaithe.

 

Tá an Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2019 – 2023 fós i bhfeidhm do na Boird atá ann cheana go dtí deireadh a dtéarma oifige ar an 30ú Samhain 2023

Cad a dhéanann an Bord Bainistíochta?

Is é príomhfheidhm an bhoird ná an scoil a bhainistiú thar ceann an phátrúin agus chun leas na ndaltaí agus oideachas cuí a sholáthar do gach dalta sa scoil. Tá an bord freagrach don phátrún agus don Aire Oideachais. Tá príomhoide na scoile freagrach as bainistíocht laethúil na scoile agus tá sí/sé freagrach don bhord.

Agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige, caithfidh an bord

  • Beartais an Aire a leanúint
  • Tacú le héiteas na scoile agus a bheith freagrach don phátrún as seo.
  • Cloí leis an dlí agus le haon ghníomhas, cairt, nó ionstraim dá samhail a bhaineann leis an scoil.
  • Dul i gcomhairle leis an bpátrún maidir le cinntí agus moltaí
  • Beartais iontrála agus rannpháirtíochta na scoile a fhoilsiú, lena n-áirítear a bheartas maidir le daltaí a dhíbirt agus a chur ar fhionraí agus maidir le hiontráil agus rannpháirtíocht daltaí faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
  • Cinntigh go léiríonn beartas iontrála na scoile meas ar roghanna na dtuismitheoirí agus ar phrionsabail an chomhionannais, go gcloíonn sé le treoracha an Aire agus go mbreathnaíonn sé ar éiteas na scoile atá i gceist agus ar chearta bunreachtúla na ndaoine uile
  • Cloí le polasaí iontrála na scoile de réir an Achta Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna) 2018. Tá sé mar aidhm ag an Acht go mbeidh na rialacha maidir le hiontrálacha chuig scoileanna níos struchtúrtha, níos cothroime agus níos trédhearcaí.
  • Breithniú rialta a dhéanamh ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim sa scoil agus a chinntiú go leagtar amach spriocanna cuí.
  • Cinntiú go n-ullmhaítear Tuarascáil Féinmheastóireachta Scoile agus Plean Feabhsaithe Scoile gach bliain agus go roinntear achoimre den phlean le pobal na scoile uile gach bliain.
  • Meas a léiriú ar phrionsabail agus ar riachtanais sochaí dhaonlathaí agus ar éagsúlacht luachanna, creideamh, traidisiún, teangacha agus slite maireachtála inár sochaí a chur chun cinn
  • Úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní (go háirithe na deontais a sholáthraíonn an Stát),
  • Machnamh a dhéanamh ar leas an phobail i ngnóthaí na scoile agus a bheith cuntasach do dhaltaí, do thuismitheoirí agus don phobal
  • Úsáid a bhaint as na hacmhainní a sholáthraíonn an Stát chun cabhrú le freastal ar riachtanais daltaí faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu , lena n-áirítear, más gá, foirgneamh a chur in oiriúint nó trealamh speisialta a chur ar fáil.
  • Róil cheannaireachta príomhoidí, leas-phríomhoidí agus príomhoidí cúnta na scoile a aithint mar chuid den sprioc torthaí ar ardchaighdeáin do dhaltaí léinn a bhaint amach.

 

Tuilleadh: Citizen’s Information

Cén fáth an Bord Bainistíochta?

Nuacht is déanaí

Boird Bhainistíochta
Boird Bhainistíochta nua i mBunscoileanna a thoghadh

Boird Bhainistíochta nua i mBunscoileanna a thoghadh

Boird Bhainistíochta ar Scoileanna Bainistíonn an bord bainistíochta an scoil thar ceann an phátrúin agus tá sé cuntasach don phátrún agus don Aire. Ní mór don Bhord seasamh le meon sainiúil (éiteas) na scoile agus tá sé cuntasach don phátrún as an méid sin a...

Léigh Tuilleadh