Acmhainní/Oiliúint Ríomhfhiosraithe
Oiliúint Ríomhfhiosraithe
Céim 1: Físeán Oiliúna
Céim 2: Teastas Oiliúna
Comhlánaigh an fhoirm thíos chun deimhniú go bhfuil an oiliúint déanta agat. Beidh na sonraí ón bhfoirm úsáidte chun teastas a chur ar fáil don scoil.
Teagmháil & Ceisteanna
Má tá aon cheist agat faoin oiliúint nó faoin bpróiseas ríomhfhiosraithe, déan teagmháil linn ag garda@foras.ie
Tá na foirmeacha, eolas &rl ar fáil ag foras.ie/riomhfhiosru/
Ceisteanna Coitianta |
Tá taithí na mblianta agam leis an bpróiseas. An gá dom tabhairt faoin oiliúint?Má tá tú ag dul a bheith ag plé leis an ríomhfhiosrú sa scoil, is gá. Tá tuairiscithe ag na Gardaí linn ó iniúchtaí nach raibh cuid de na nósanna atá i bhfeidhm le blianta leanta mar is ceart ag cuid scoileanna.
|
Tá mé i mo phríomhoide feidhmeach. An féidir liom an oiliúint a dhéanamh anois chun gur féidir liom plé leis na hiarratais sa scoil?Is féidir. Chomh luath agus a sheolfaí an jotform ar tháb 2 isteach, beidh tú in ann tabhairt faoin obair.
|
Cad atá i gceist le ‘bailíochtóir’?Deimhníonn an bailíochtóir go bhfuil na cáipéisí ón iarratasóir ag teacht leis na treoirlínte ó na Gardaí. Tá na treoirlínte ar lch.1 den NVB1 agus tá an fhoirm bhailíochtaithe ar lch.3. Is ionann bailíochtóir agus gach fostaí oilte sa phróiseas ríomhfhiosraithe.
|
Cé atá in ann / cé mhéid duine atá in ann an oiliúint seo a dhéanamh?Is féidir le haon fhostaí scoile an oiliúint a dhéanamh agus tabhairt faoin obair ríomhfhiosraithe. Moltar go mbeadh beirt ar a laghad oilte i ngach scoil. Bíonn príomhoidí agus rúnaithe ag tabhairt faoin obair seo go hiondúil ach tá ciall le príomhoidí tánaisteacha, príomhoidí feidhmeacha, ceannaire bliana na hidirbhliana, foireann bhreise/ionadaíochta san oifig &rl a bheith oilte.
|
An é nach gá dom an fhoirm NVB3 a sheoladh chuig AFP a thuilleadh?Sin cruinn. Beidh an fhoirm le coinneáil sa scoil leis na cáipéisí eile.
|
Tagann daltaí idirbhliana ó mheánscoileanna in aice láimhe. An mbaineann an próiseas seo leo?Tá a nósanna imeachta féin ag gach pátrún. Ní mór do gach iarratasóir nós imeachta na scoile ina bhfuil siad ag cur isteach ar a leanúint. Mar shampla, ní mór do dhalta idirbhliana nós imeachta na scoile ina bhfuil siad ag iarraidh taithí oibre a dhéanamh a leanúint. Is cuma cén pátrún atá ag an meánscoil.
|
An bosca ‘Do thagairt’ ar bharr an NVB1, cad a scríobhaim ansin?Ní cheadaíonn na Gardaí aon eagarthóireacht a dhéanamh ar an bhfoirm, faraor. Níl aon fheidhm ag an mbosca sin i gcás AFP. Fág bán é.
|
An féidir le hainm an duine a bheith i mBéarla nó i nGaeilge?Ní féidir. Is gá go mbeidh an t-ainm 100% mar an gcéanna leis an gcárta aitheantais. Ní féidir glacadh le ‘Seán Ó Murchú’ agus cáipéisí aitheantais ‘John Murphy’.
|
