Ár Scoileanna/Éiteas Scoile
Éiteas Scoile
I scoil lán-Ghaeilge, tugtar áit lárnach don Ghaeilge mar:
- theanga labhartha na scoile
- theanga chumarsáide agus gnó na scoile
- theanga teagaisc agus foghlama i ngach ábhar (seachas Béarla)
- theanga chumarsáide ag na múinteoirí, na daltaí agus gach gné den scoil.
Sainspiorad Scoile
Cuireann An Foras Pátrúnachta rogha de cheithre éiteas ar fáil do thuismitheoirí: Ilchreidmheach, Idirchreidmheach, Ionchreidmheach, agus Caitliceach chun freastal cuimsitheach a dhéanamh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dá bpáistí, is cuma cén cúlra creidimh atá acu.
Gliogáil ar na teidil thíos chun SAINMHÍNIÚ a fháil maidir leis na roghanna sainspioraid