Tuismitheoirí/Coistí Tuismitheoirí
“Tá an Cumann Tuismitheoirí thar barr! Más ag tiomsú airgid chun seid rothar a thógáil, ag bácáil cístí don oíche oscailte nó ag cabhrú le tionscnaimh scoile, déanann siad an t-úafás chun leas na scoile. Bailíonn siad tuistí le chéile tríd an gcoiste agus cuireann siad go mór le hatmaisféar pobail sa scoil.”
Neasa Ní Aoláin, Príomhoide, Gaelscoil Cholmcille
Coistí tuismitheoirí
Eolas ginearálta i leith Choiste na dTuismitheoirí
Ról & Aidhm Choiste na dTuismitheoirí
Is iad na príomhaidhmeanna atá againn:
- Cabhrú leis an scoil a haidhmeanna a bhaint amach ar gach bealach ar féidir linn – an t-oideachas is fearr agus is féidir a sholáthar dár bpáistí uilig
- Idirchaidreamh a dhéanamh leis an bPríomhoide agus leis an bhfoireann teagaisc
- Ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí na dtuismitheoirí agus fóram a chruthú chun dul i gcomhairle leis an bPríomhoide ar cheisteanna ábhartha
- Tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí, go háirithe daoine nua a thagann isteach sa scoil
- Cabhair phraiticiúil a sholáthar nuair is gá sa scoil
- Deiseanna sóisialta a éascú do thuismitheoirí ag cruinnithe scoilbhunaithe
- Cabhrú leis an scoil/Bord Bainistíochta ó thaobh airgid de nuair a thagann deiseanna oiriúnacha chun cinn
Ní bhíonn baint ag Coiste na dTuismitheoirí le:
- Saincheisteanna cinnteoireachta agus bainistíochta sa scoil
- Saincheisteanna gairmiúla maidir le teagasc agus foghlaim
- Gearáin a dhéanamh ar son tuismitheoirí eile
Tuismitheoirí Reatha
Fáilte ar bord! Tá breis is 20,000 tuismitheoir agus caomhnóir ar dhaltaí inár scoileanna. Bíonn tuismitheoirí i gcroílár ár scoileanna agus is mór linn an obair mhór a bhíonn ar siúl ag tuismitheoirí chun leas na ndaltaí, na Cumainn Tuismitheoirí ach go háirithe. Molaimid duit na scéalta is déanaí a fháil trí An Foras Pátrúnachta a leanúint ar na meáin shóisialta.
Tacaíochtaí do thuismitheoirí
1. Do leanbh sa bhunscoil:
Acmhainn an INTO le heolas faoin gcéad lá, tinreamh scoile, bia folláin, obair bhaile, déileáil le bulaíocht srl.
2. Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta acu:
Eolas ón NCSE ar thacaíochtaí agus eile do dhaltaí i mbunscoileanna a bhfuil riachtanais speisialta acu.
3. Foghlaim leanaí sa bhunscoil:
Leabhrán NCCA maidir le curaclam scoile & cad é a bheidh na daltaí na foghlaim faoi agus iad ar scoil.
4. Moltaí ar Ghaeilge a úsáid:
Moltaí cabhracha uainn ar Ghaeilge a fhoghlaim agus í a úsáid nuair atá tú ag déanamh do ghnó ó lá go lá.
5. Conas dúshlán ar scoil a réiteach:
Ár lámhleabhar maidir le conas dúshlán ar scoil a réiteach.
6. Conas gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe:
Lámhleabhar ón gComhairle Mhúinteoireachta maidir le conas gearán a dhéanamh tríd an gComhairle.
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Nuacht is déanaí
Nuacht ar fad
Ciorclán 0078/2026: Stailceanna Oibre
Ciorclán 0078/2026: Stailceanna Oibre Leagtar amach sa chiorclán 0078/2026 treoirlínte maidir le stailceanna oibre ag ceardchumainn san earnáil oideachais. Réamhrá: Work Stoppages by Trade Unions in the Education Sector 1. I am directed by the Minister for Education...
Comhdháil na bPríomhoidí 2026
Comhdháil na bPríomhoidí 2026, 01 Deireadh Fómhair 2026, Óstán Tullamore Court, Uíbh Fháilí Súil Siar: Comhdháil na bPríomhoidí Féach siar ar ábhar na comhdhála anseo Tabhair aiseolas dúinn: Cad a thaitin leat ag Comhdháil na bPríomhoidí, cad iad na rudaí ar...








