Oiliúint/Cúrsaí Gaeilge
Cúrsaí Gaeilge
Is í aidhm scoileanna An Foras Pátrúnachta éiteas na Gaeilge a chothú inár scoileanna agus an t-eispéireas is fearr tumoideachais a chruthú dár ndaltaí. Chuige sin, tá ról le himirt ag gach uile ball foirne sa scoil an Ghaeilge a chur chun cinn: múinteoirí, rúnaithe, feighlithe, CRSanna, baill den bhord bainistíochta agus eile.
Le cabhrú leis seo a bhaint amach, tá ríméad ar An Foras Pátrúnachta cúrsaí Gaeilge a eagrú i gcomhar le Gaelchultúr a thosóidh an 9/10 Márta agus a mhairfidh ar feadh 10 seachtaine.
Tá cúrsaí ar fáil atá oiriúnach do gach leibhéal líofachta agus cumais. Is cuma más foghlaimeoir nua tú nó duine a bhfuil ardleibhéal líofachta agat ach tú ag iarraidh an dlaoi mhullaigh a chur ar do chuid Gaeilge, tá cúrsa ann duitse. Chomh maith leis sin tá na cúrsaí oiriúnach dóibh siúd atá ag ullmhú do scrúdú TEG.
Tá sé éasca do leibhéal reatha Gaeilge a chinntiú tríd an Triail Ghaeilge ar líne agus gheobhaidh tú moladh maidir le cén cúrsa is oiriúnaí duit
|
|
Seo thíos sonraí na gcúrsaí:
- Costas €210 ar 10 rang ar líne (2 uair a chloig in aghaidh na seachtaine). Iarraimid ar bhoird bhainistíochta a bheith chomh fial agus is féidir maidir le bhaill foirne agus bhoird a mhaoiniú chun tabhairt faoi na cúrsaí.
- Tá lascaine €10 ar fáil ach an cód AFP2026 a úsáid agus tú ag clárú
- Bronnfar teastas tinrimh orthu siúd a fhreastalaíonn ar 8 rang nó níos mó.
- San áireamh ta lámhleabhar digiteach an chúrsa agus rochtain 3 mhí ar acmhainní ar-líne ranganna.com ar fiú €45 í sin.
| Eolas do mhúinteoirí (PDF): | Eolas do bhaill foirne (PDF): |
|
|
|
Is féidir clárú do na ranganna seo anois ag an nasc seo thíos. Ná déan dearmad cód AFP2026 a úsáid leis an bpraghas speisialta €210 a fháil:
|
|
Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig tomas@foras.ie
Nuacht is déanaí
Oiliúint
SEIMINEÁIR NCSE: Ag Tacú le Daltaí le RSO (23 DF & 05 Samh)
23 Deireadh Fómhair 2025, 09:30rn - 02:30in Ag Tacú le Daltaí le RSO Tugann an seimineár seo tuiscint ar an uathachas trí chur chuige atá bunaithe ar láidreachtaí. Tá sé dírithe ar réimsí tacaíochta do dhaltaí a bhfuil an t-uathachas orthu agus ar straitéisí chun...
Cúrsaí Gaeilge ag tosú 13.10.2025| Irish-language Courses starting 13.10.2025
Click "English" button on top right-hand side of your screen for English version. Is í aidhm scoileanna An Foras Pátrúnachta éiteas na Gaeilge a chothú inár scoileanna agus an t-eispéireas is fearr tumoideachais a chruthú dár ndaltaí. Chuige sin, tá ról le himirt ag...
OILIÚINT: Earcaíocht Scoile 2025
Dáta & Am: Dé Céadaoin, 9 Aibreán 2025, 3:00 i.n. Oiliúint: Earcaíocht scoile Dírithe ar: Phríomhoidí & Chathaoirligh Suíomh: Seisiún ar Zoom a bheidh i gceist. Cláraigh anseo.




