Fúinn

Ní fhéadfaimis An Foras Pátrúnachta a mholadh ard go leor, bíonn siad i gcónaí ann dúinn
Póla Ní Chinnsealaigh, Príomhoide, Gaelscoil Ruairí

Cé muid?
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.
Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.
Tá An Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal.
- Tá Fealsúnacht An Foras Pátrúnachta le léamh anseo.
- Tá Polasaí um Earcaíochta An Foras Pátrúnachta le léamh anseo.
- Tá Polasaí Coinbhleachta Leasa An Foras Pátrúnachta ar fáil anseo.
- Tá Cód Iompair d’Iontaobhaithe (Stiúrthóirí) An Foras Pátrúnachta ar fáil anseo.
- Tá Polasaí Chosaint Leanaí (GDPR) An Foras Pátrúnachta ar fáil anseo
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Príomhfhreagrachtaí an phatrúin
- Éiteas na scoile a chosaint
- Tacaíocht a thabhairt don bhord bainistíochta agus na boird a cheapadh
- Cúrsaí airgeadais, árachais agus dlí mar aon le sláinte agus sábháilteacht
- Ceisteanna cóiríochta agus léasanna
- Feitheoireacht a dhéanamh ar cheapacháin fhoirne de réir rialacha na Roinne
- Tá misean an Fhorais mar phátrún, mar bhainisteoir agus mar eagraíocht san oideachas dírithe ar sholáthar oideachas lán-Ghaeilge le rogha éiteas a fhorbairt.
Nuacht is déanaí
Nuacht ar fad

Nuachtlitir ó Phríomhchigire na Roinne Oideachais
Nuachtlitir ó Phríomhchigire na Roinne Oideachais, Nollaig 2023 Is mise Yvonne Keating, an Príomhchigire sa Roinn Oideachais. Oibrímid don Rialtas agus don phobal, chun a chinntiú go bhfuil na deiseanna foghlama is fearr ag gach leanbh agus duine óg, bíodh siad i...

FOLÚNTAIS: Múinteoirí Príomhsrutha, Gaelscoil Longfoirt
Ról: Múinteoir Príomhsrutha (X 2) Scoil: Gaelscoil Longfoirt Spriocdháta: Dé Máirt, 5 Nollaig 2023 Iarratas & Eolas Eile: https://www.educationposts.ie/post/view/206221 https://www.educationposts.ie/post/view/206222 Suim agatsa múineadh i scoil lán-Ghaeilge?...
An Bord Stiúrtha

Séamus Ó Ceanainn
Cathaoirleach

Julian de Spáinn
Cisteoir

Anita Nic Amhlaoidh
Ball Ginearálta

Colm Ó Tuathaláin
Ball Ginearálta

Fiona Nic Fhionnlaoich
Ball Ginearálta

Sinéad Nic Giolla Chionnaigh
Ball Ginearálta

Clíona Ní Dhúill
Ball Ginearálta

Lorcán Mac Gabhann
Ball Ginearálta

Pádraig Ó Duibhir
Ball Ginearálta

Seán Ó Láimhín
Ball Ginearálta

Séamus Caomhánach
Ball Ginearálta

Tim Ó Tuachaigh
Ball Ginearálta

Aoife Elster
Ball Ginearálta
Baill Foirne

Caoimhín Ó hEaghra
Ard-Rúnaí
caoimhin@foras.ie | 01-629 4110

Cormac McCashin
Bainisteoir Tacaíochta
cormac@foras.ie | 01-215 0191

Tomás Ó Póil
Bainisteoir Oiliúna
tomas@foras.ie | 01-215 0190

Siobhán Ní Dhúill
Bainisteoir Cóiríochta
siobhan@foras.ie | 086-803 2226

Jill McMahon
Bainisteoir Cumarsáide
jill@foras.ie | 083-093 2977

Sorcha Ní Mhistéil
Bainisteoir Sainspiorad & Athchumraithe
sorcha@foras.ie | 086-859 6292