Tuismitheoirí/Riachtanais Speisialta
Riachtanais Speisialta Oideachais
Eolas ginearálta mar gheall ar riachtanais speisialta inár scoileanna
Eolas Ginearálta
Táimid tiomanta a chinntiú go sroicheann gach dalta inár scoileanna barr a gcumais agus go bhfaigheann siad an t-oideachas is fearr trí Ghaeilge bunaithe ar a mbuanna agus ar a gcumais féin. Faigheann ár scoileanna na tacaíochtaí céanna le scoileanna eile maidir le soláthar CRS, múinteoirí oideachas speisialta agus ranganna speisialta. Mar gheall ar éileamh mór, bímid ag cur le soláthar na ranganna speisialta gach bliain. Tá sé léirithe ag taighde le fada an lá go ndéanann an timpeallacht lán-Ghaeilge/tumoideachais maitheas d’fhorbairt agus d’fhoghlaim an pháiste agus nach mbíonn na daltaí thíos leis.
Faigh tuilleadh eolais, acmhainní is ceisteanna coitianta ag www.gaeloideachas.ie
Soláthar Ón Roinn Oideachais
Go ginearálta, déantar foráil oideachais do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu:
- I mbunscoileanna
- I ranganna speisialta ceangailte le gnáthscoileanna
- I suímh imeasctha i ranganna príomhshrutha
Tá cineál agus leibhéal na freagartha oideachais bunaithe ar riachtanais an pháiste a ndearnadh measúnú gairmiúil air. I gcás ina meastar gurb é socrú i rang phríomhshrutha an freagra iomchuí, beidh soláthar i bhfoirm teagasc speisialta nó i bhfoirm tacaíocht ó chúntóir riachtanas speisialta, nó an dá cheann acu oiriúnach.
D’fhéadfadh go mbeadh socrú i scoil speisialta nó i rang speisialta ceangailte le Gaelscoil phríomhshrutha de dhíth ar pháistí a bhfuil dianleibhéil mhíchumais acu. Tá gach saoráid den chineál sin sainithe do ghrúpa míchumais ar leith agus feidhmíonn gach ceann acu cóimheas dalta le múinteoir atá laghdaithe go speisialta.
Déantar páistí atá cláraithe i ranganna speisialta inár scoileanna a imeascadh lena bpiaraí sna ranganna príomhshrutha an oiread agus is féidir.
Faigheann daltaí a fhreastalaíonn ar na saoráidí seo rátaí speisialta de mhaoiniú caipitíochta agus tá siad i dteideal leas a bhaint as an tseirbhís iompair scoile speisialta agus as an tseirbhís iompair bhusanna scoile.
Tá raidhse taighde curtha i gcrích in Éirinn agus go hidirnáisiúnta ar oideachas dhátheangach agus ar pháistí a bhfuil riachtanais Speisialta Oideachais acu.
Taighde Éireannach
https://gaeloideachas.ie/wp-content/uploads/2020/05/Bunachar-Taighde-RSO-%C3%89ireann.pdf
Taighde idirnáisiúnta
https://gaeloideachas.ie/wp-content/uploads/2020/05/Bunachar-Taighde-RSO-Idirn%C3%A1isi%C3%BAnta.pdf
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de bharr míchumas. Cuirtear béim faoi leith ar pháistí. Bíonn an Chomhairle ag déileáil le breis agus 20,000 iarratas sa bhliain agus cuireann sí cinntí in iúl do scoileanna laistigh de thréimhse a mhaireann idir sé go seacht seachtaine.
Eagraí Riachtanais Speisialta Oideachais (SENO)
Ceapann an NCSE SENO chun seirbhís dhíreach a chur ar fáil go háitiúil do thuismitheoirí na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus do scoileanna atá lonnaithe laistigh de limistéir gheografacha. Aimsítear riachtanais na bpáistí agus déantar cinneadh faoi líon na n-acmhainní a theastaíonn ó scoileanna chun seirbhís oideachais chuí a chur ar fáil dóibh.
Bíonn an SENO ag plé le hiarratais do thacaíocht ó CRS, scoileanna agus ranganna speisialta, busanna speisialta agus teicneolaíocht chúnta. Cabhraíonn an SENO le hiarratais ar iompar agus ar theicneolaíocht chúnta agus cabhraíonn siad freisin le forbairt ghairmiúil leanúnach.
Is féidir le SENO comhairle a thabhairt do scoileanna agus do thuismitheoirí ar na háiseanna, ar na seirbhísí agus ar na hacmhainní atá ar fáil chun cabhair a thabhairt do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Leabhráin eolais atá foilsithe ag an NCSE
![]() |
![]() |
Faigh tuilleadh eolais, acmhainní is ceisteanna coitianta ag www.gaeloideachas.ie
Leabhráin Eolais do Tuismitheoirí
Nuacht is déanaí
Tuismitheoirí

Ciorclán: 0001/2023
Comhairle maidir le húsáid uirlisí/trialacha don Treoir nó do riachtanais bhreise & speisialta oideachais (RSO) in iar-bhunscoileanna Cuireann an Ciorclán seo comhairle ar fáil d’iar-bhunscoileanna aitheanta ar úsáid chuí uirlisí/trialacha measúnaithe do Threoir...

Ciorclán 0075/2022
Íoslódáil an Ciorclán anseo Ioslódáil Ceisteanna Coitianta anseo

Tacaíochtaí do scoileanna a bhfuil ranganna speisialta á n-oscailt acu
Tacaíochtaí ón Roinn Oideachais & ón CNOS do scoileanna a bhfuil ranganna speisialta á n-oscailt acu Íoslódáil "Treoirlínte chun tacú le scoil" (PDF) anseo Íoslódáil Litir na Roinne (PDF) anseo