Acmhainní/Ríomhfhiosrú

Ríomhfhiosrú na nGardaí

Lean na céimeanna thíos leis an bpróiseas a chur i gcrích. De réir an dlí, caithfidh gach ball foirne nochtadh ó na Gardaí a chur ar fáil don phríomhoide sula mbeidh cead acu dul i mbun oibre.

Má tá ceist faoin bpróiseas nó faoi staid reatha iarratas ar leith is féidir plé a dhéanamh linn in oifigí an Fhorais, garda@foras.ie.

Tá comhaontuithe dlí ag an bhForas leis na heagrais seo a leanas agus aithnítear aon nochtadh ó aon cheann acu: DCU, GAA, Institiúid Oideachais Marino, Donegal Youth Service.

Eolas Don Scoil & Foirm Iarratais

1. Tabharfaidh gach iarratasóir faoi fhoirm(eacha) a chomhlánú. Tá treoirlínte ar an bhfoirm.

• Is gá do gach iarratasóir an fhoirm NVB1 a chomhlánú. Tá an fhoirm ar fáil thíos.

• Más iarratasóir 16 nó 17 mbliana d’aois atá i gceist, ní mór an fhoirm NVB3 a chomhlánú freisin. Tá an fhoirm ar fáil thíos.

2. Cuirfidh gach aon iarratasóir cruthúnas aitheantais (aitheantas grianghrafadóireachta agus cruthúnas ar sheoladh baile) ar fáil don scoil. Déanfaidh an scoil cóip de na cáipéisí. Úsáidfidh an rúnaí/príomhoide/ball foirne eile an Fhoirm Bailíochtaithe Doiciméid Aitheantais chun an cruthúnas a mheas.

3. Má tá an fhoirm NVB1 comhlánaithe i gceart agus má bhí freagra “Tá” ar gach ceist ar an bhFoirm Bailíochtaithe, seol cóip den NVB1 sa phost go hoifigí an Fhorais nó ar rphost go garda@foras.ie.

4. Coinneoidh an scoil an bhunchóip den NVB1 agus cóip de na doiciméid aitheantais. Beidh na taifid coinnithe go sábháilte go dtí 12 mhí i ndiaidh don duine críochnú sa scoil. Is féidir le Gardaí aon taifid a lorg ag aon uair.

Beidh gach cuid eile den phróiseas ar líne. Tabharfaidh an t-iarratasóir, seachas An Foras Pátrúnachta, nochtadh don Phríomhoide agus an próiseas curtha i gcrích.

 

Eolas Don Iarratasóir

1. Comhlánfaidh an t-iarratasóir an Fhoirm NVB1 de réir na dtreoirlínte agus cuirfidh siad cruthúnas ar a n-aitheantas agus seoladh baile ar fáil don scoil de réir na dtreoirlínte.

2. Tar éis don scoil an fhoirm a sheoladh chuig an bhForas gheobhaidh an t-iarratasóir cuireadh ar ríomhphost dul tríd an próiseas ríomhfhiosraithe ar shuíomh na nGardaí.

3. Beidh ar an iarratasóir eolas futhu féin a líonadh ar shuíomh na nGardaí. Déanfaidh an Foras an t-iarratas a dheimhniú.

4. Gheobhaidh an t-iarratasóir nochtadh ar ríomhphost. Beidh an nochtadh le roinnt leis an bPríomhoide ar ríomhphost nó tríd an nochtadh a chur i gcló.

5. Más iarrastasóir san aoisghrúpa 16 go 18 bliain d’aois atá ann, ní mór an fhoirm NVB3 a chur leis an ngnáthiarratas í líonta ag tuismitheoir/caomhnóir. Ní féidir iarratasóirí faoi 16 bliain d’aois a chur tríd an bpróiseas.

Ceisteanna Coitianta

 

An mbaineann an próiseas seo le múinteoirí?

Glactar le nochtadh a fhaigheann múinteoirí ón gComhairle Mhúinteoireachta. Is féidir an próiseas a dhéanamh leis an bhForas chomh maith, próiseas a bhíonn níos tapúla.

 

Cén fhad a thógann an próiseas seo?

Seachtain, ar fhad is nach mbeidh aon mhoill ann ag leibhéal an iarratasóra ó thaobh eolas a líonadh

 

Cad a dhéantar le hiarratasóirí 16 – 18 bliain d’aois?

I gcás iarratasóirí 16 – 18 bliain d’aois, ní mór do thuismitheoir nó do chaomhnóir an duine foirm NVB3 a chomhlánú. Tá an fhoirm NVB3 ar fáil anseo. Ní mór don iarratasóir féin an ghnáthfhoirm NVB1 a chomhlánú agus an dá fhoirm a thabhairt don scoil mar aon leis na cáipéisí aitheantais atá leagtha amach ar an NVB1. Níl cead iarratasóirí faoi 16 bliain d’aois a chur tríd an bpróiseas.

 

Cad a dhéantar le hiarratasóirí faoi 16 bliain d’aois?

Ní féidir ríomhfhiosrú a dhéanamh ar aon duine faoi 16 bliain d’aois. Tá an rogha ag an scoil daoine faoi 16 (daltaí idirbhliana ar thaithí oibre mar shampla) a thabhairt isteach nó gan iad a thabhairt isteach.

 
 

An gá tuistí a chur tríd an bpróiseas?

Tá sé luaite go sonrach san Acht nach gá tuistí a chur tríd an bpróiseas más ar bonn neamhfhoirmeálta, neamhchoitianta a bheidh siad i gcomhluadar na ndaltaí (mar shampla ag an Lá Spóirt, Drama Nollag & Lá oscailte). Má tá obair fhoirmeálta, íoctha nó leanúnach i gceist tá gá leis (mar shampla ranganna rince nó ag bualadh go rialta sa scoil mar Chumann na dTuistí).

Nuacht is déanaí

Earcaíocht
FOLÚNTAIS: Múinteoir Ranga & CRS, Gaelscoil Longfoirt

FOLÚNTAIS: Múinteoir Ranga & CRS, Gaelscoil Longfoirt

FOLÚNTAS: Múinteoir Ranga & CRS, Gaelscoil Longfoirt, an Longfort Tá na folúntais seo lonnaithe i Fearann Uí Dhuagáín, an Longfort, N39 TW62 Ról: Múinteoir Ranga Príomhshrutha CRS (Cúntóir Riachtanas Speisialta) Scoil: Gaelscoil Longfoirt, Fearann Uí Dhuagáín, an...

Léigh Tuilleadh
FOLÚNTAS: CRS, Gaelscoil Lir, BÁC 24

FOLÚNTAS: CRS, Gaelscoil Lir, BÁC 24

FOLÚNTAS: CRS, Gaelscoil Lir, BÁC 24 Tá an folúntas seo lonnaithe i dTeach Sagard, Baile Átha Cliath 24 Ról: Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) Scoil: Gaelscoil Lir, Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn, Teach Sagard, Baile Átha Cliath 24, D24PFV5 Is scoil de chuid An Foras...

Léigh Tuilleadh
FOLÚNTAIS X2: Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin

FOLÚNTAIS X2: Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin

FOLÚNTAIS X2: Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin Múinteoir Ranga Príomhshrutha & Múinteoir Oideachais Speisialta Tá na folúntais seo lonnaithe i nGaelscoil de hÍde, Cnoc na Crúibe, Br. na Gaillimhe, Ros Comáin, F42 TD83 Róil: Múinteoir Ranga Príomhshrutha Múinteoir...

Léigh Tuilleadh