Acmhainní/Cóiríocht

Cóiríocht Scoile

Creideann An Foras Pátrunachta go bhfuil sé tuillte ag gach dalta freastal ar scoil i bhfoirgneamh atá aitiúil, oiriúnach do riachtanais an pháiste, sábháilte, te le neart spáis chun súgradh agus aclaíocht  a dhéanamh.

Mar phátrún ar líon suntasach Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí  a osclaíodh le daichead bliain anuas, tá léargas ag An Foras Patrúnachta ar na deacrachtaí a bhíonn ag príomhoidí agus ag Boird Bainistíochta nuair a bhíonn orthu scoileanna a oscailt i bhfoirgnimh atá mí-oiriúnach agus in áiteanna nach bhfuil feiliúnach atá lasmuigh de cheantar oifigiúil na scoile.

Cé gur cinnte go bhfuil deacrachtaí maidir le cóiríocht ann, leanfaimid ag obair go dlúth leis an Roinn Oideachais agus páirtithe leasmhara eile chun a chinntiú go n-osclaítear Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí  nua ar bhealach atá chomh dearfach agus chomh héifeachtach agus is féidir. Tá súil ag An Foras Patrúnachta go n-osclófar scoileanna nua i gcóiríocht bhuan mar ghnáthchleachtas amach anseo.

An tOifigeach Cóiríochta

Tá Oifigeach Cóiríochta ar fáil go lánaimseartha chun tacú le scoileanna le cúrsaí cóiríochta. Is í an t-oifigeach cóiríochta teagmhálaí na hoifige náisiúnta atá freagrach as cóiríocht scoile agus bainistíocht maoine, lena n-áirítear léasanna agus comhaontaithe cíosa.

Déanann an tOifigeach Cóiríochta idirbheartaíocht idir scoileanna agus An Roinn Oideachais ionas gur féidir an ‘tinneas cinn’ a mhaolú do phríomhoidí de bharr cúrsaí cóiríochta.

 Cliceáil ar na roghachláir a leanas leis tacaíochtaí ó thaobh cóiríochta a fháil. 

siobhan@foras.ie | 086-8032226

 

An Scéim um Chóiríocht Bhreise

Is é cuspóir na scéime seo ná a chinntiú go bhfuil cóiríocht riachtanach seomraí ranga ar fáil chun freastal ar dhaltaí atá rollaithe sa scoil gach bliain. Sa chás nach féidir le cóiríocht reatha na scoile an gá a chomhlíonadh déantar iarratas ar chóiríocht bhreise. Íoslódáil an scéim anseo

 

Oibreacha

Oibreacha Éigeandála

Is é príomhchuspóir na Scéime Oibreacha Éigeandála ná maoiniú a chur ar fáil le haghaidh oibreacha práinneacha do na scoileanna sin a bhfuil acmhainní ag teastáil go géar uathu mar gheall ar chás éigeandála nó tar éis iarratas rollaithe ó dhalta riachtanas speisialta a fháil.

 

Oibreacha Samhraidh

Is é cuspóir Scéim na nOibreacha Samhraidh ná deontas a bhronnadh ar scoil chun gur féidir leo oibreacha tógála ar scála beag a dhéanamh, a d’fhéadfaí a chur i gcrích le linn mhíonna an tsamhraidh nó ag amanna eile nuair nach gcuirfidís isteach ar obair laethúil na scoile.

 

Léasanna, Árachas, Troscán & Cothabháil

Léasanna

Nuair a bhíonn léas ar fhoirgneamh scoile is iad an Foras Pátrúnachta nó an Roinn Oideachais a shíníonn an léas. Chuige sin is gá go mbeadh An Foras Pátrúnanchta lárnach sa phlé agus sa chomhaontú i gconaí. 

 

Árachas

Má tá ceist ar bith faoi chúrsaí árachais glaoigh ar Ciaran Doyle – Aston Lark  0868367320. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach cóiríochta freisin chun tacaiocht agus comhairle  a fháil.  

 

Cothabháil Foirgnimh

Tá sé rí-thábhachtach go mbeadh cothabháil rialta á dheanamh ar fhoirgnimh scoile chun oibreacha eigeandala etc. a sheachaint. Chuige sin, tá sé de dhulagas ar gach scoil comhaid cothabhála a choinneáil ina bhfuil plean cothabhála leagtha amach go soiléir. Is féidir leis an oifigeach cóiríochta cabhrú agus tacú le príomhoidí chun e csro  a chur i gcrich. 

 

Deontais Troscáin, TE etc. 

Má tá ceist ar bith agat faoi dheontais atá ar fáil ní gá ach teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach cóiríochta. 

 

Eolas tábhachtach sa bhreis

 

Cláir Feabhsúcháin Bainistíocht

    • Cláir Feabhsúcháin Bainistíocht Aispeiste anseo
    • Bainistíocht Múscáin Cláir Feabhsúcháin anseo

 

Idirbheartaíocht

Idirbheartaíocht leis na rannóga eagsúla sa Roinn Tógála laistigh den Roinn Oideachais ar son na scoile 

Is í an t-oifigeach cóiríochta a dhéanann an phlé leis an Roinn Oideachais maidir le h-iarratais cóiríochta ar son scoileanna. 

 

Treoir tríd doiciméid um threoir theicniúil

Tá iliomad doiciméid um threoir theicniúil foilsithe ag an Roinn Oideachais. Is féidir leis an Oifigeach cóiríochta príomhoidí agus Boird Bainistíochta a threorú i dtreo na doiciméid cuí nuair a bhíonn gá.

 

Céatadán don Ealaín

Bronntar deontas ar gach foirgneamh buan chun píosa ealaíne a dhearadh agus a chur ar fáil sa scoil. Seo iad na treorlínte

Freastal ar Chruinnithe

Freastalaíonn an t-oifigeach cóiríochta ar chruinnithe i rith an phróiséas tógála, aistrithe scoile/sínte scoile do gach ceann dár scoileanna. 

 

Nuacht is déanaí

Cóiríocht