Tuismitheoirí/Ceisteanna Coitianta
Ceisteanna Coitianta
Freagraí ar cheisteanna coitianta ó thuismitheoirí & caomhnóirí
Nuair a chuireann tuistí ceist orainn, cuirfimid an freagra ar an leathanach seo. Má tá ceist agat nach bhfuil freagartha againn, ba bhreá linn a chloisteáil uait. Téigh chuig an leathanach teagmhála chun teacht ar na sonraí.
Tuilleadh eolais ar fáil ag: https://gaeloideachas.ie/is-tuismitheoir-dalta-me/ceisteanna-coitianta/?lang=ga
Cad is scoil lán-Ghaeilge ann?
I scoil lán-Ghaeilge déantar gnó na scoile ar fad trí mheán na Gaeilge.
Múintear na ranganna trí Ghaeilge, bíonn cumarsáid idir an fhoireann as Gaeilge, déantar gnó an Bhoird Bainistíochta trí Ghaeilge agus spreagtar na páistí chun Gaeilge a labhairt eatarthu féin. Neartaíonn an scoil an pobal labhartha Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh de gheataí na scoile.
Tá na scoileanna lán-Ghaeilge oscailte, fáiltiúil agus chuige sin tacaíonn siad le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i saol na scoile trí imeachtaí éagsúla, ó ranganna Gaeilge go Coiste na dTuismitheoirí agus a lán eile.
Cén fáth a roghnaíonn tuistí Gaelscoil?
Tá go leor cúiseanna ann. Féach ar an bhfíseán chun tuilleadh eolais a fháil.
Cé na buntáistí breise a bhaineann le tumoideachas?
De réir an taighde ar oideachas dátheangach seo cuid de na torthaí do dhaltaí a théann tríd an córas:
- Cruthú níos fearr go hacadúil (Gallagher & Hanna, 2002).
- Níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim (Cenoz & Valencia 1994)
- Tuiscint agus oscailteacht do chultúir eile (Gallagher & Hanna, 2002)
- Feabhas ar fheidhmiú chognaíochta sa gcruthaíocht agus sa gcumarsáid (Bialystok et al. 2005)
- Scóir níor airde i mBéarla agus sa Mhata (Ionad Taighde Oideachais, 2011)
- Feasacht ardaithe i leith féiniúlacht, cultúr agus tuiscint ar phobal (Baker, 2003)
- Ardú i bhféinmhuinín (Baker, 2003)
- Ardaíonn oideachas dá theangach feidhmiú acadúil, buanna cruthaitheacha agus féin mhuinín i ndaltaí (NMABE, 2006; Cummins, 2000)
- Scileanna cumarsáide agus sóisialta feabhsaithe (Cummins, 2000)
Céard is scoil ilchreidmheach ann?
Cuireann scoileanna ilchreidmheacha fáilte roimh pháistí beag beann ar chreideamh ná cúlra eitnice. Bíonn gach creideamh ar chomhchéim agus cuirtear an t-éiteas i bhfeidhm i ngach gné den scoil.
Cé na tacaíochtaí do dhaltaí le Riachtanais Speisialta?
Táimid tiomnaithe go sroicheann gach páiste inár scoileanna a c(h)umais agus go bhfaigheann sé/sí an t-oideachas is fearr trí Ghaeilge bunaithe ar a b(h)uanna agus ar a c(h)umais féin. Faigheann ár scoileanna na tacaíochtaí céanna le scoileanna eile maidir le soláthar CRS, múinteoirí oideachas speisialta agus aonaid oideachais speisialta. De thoradh éileamh mór, bímid ag cur le soláthar na n-aonad speisialta gach bliain. Tá sé léirithe ag taighde le fada an lá go ndéanann an timpeallacht lán-Ghaeilge/tumoideachais maitheas d’fhorbairt agus d’fhoghlaim an pháiste agus nach mbíonn siad thíos leis.
Tuilleadh eolais anseo: https://gaeloideachas.ie/oideachas-speisialta/?lang=ga
Cén tionchar a bheidh ag oideachas trí Ghaeilge ar fhorbairt an Bhéarla?
Cén tionchar a bheidh ag oideachas trí Ghaeilge ar fhorbairt an Bhéarla?
Léiríonn taighde go gcuidíonn an tumoideachas le forbairt an Bhéarla. Baineann daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge torthaí níos airde amach sa Bhéarla (agus sa Mhata) toisc go bhfuil scileanna teanga i gcoitinne níos fearr acu.
Cad faoin ilteangachas? Cén 3ú teanga?
Tá ár gclár ilteangach bunaithe ar mhúnla rathúil go hidirnáisiúnta ar a dtugtar ‘CLIL’ (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha). Teastaíonn lucht oibre le roinnt teangacha ar a dtoil acu, i gcomhthéacs na Breatimeachta ach go háirithe. Tá An Foras Pátrúnachta chun cinn in earnáil an oideachais ar an gceist seo ós rud é go bhfuil gach scoil s’againne cleachtaithe leis an tumoideachas. Déanfaidh gach scoil a rogha mórtheanga eorpach mar 3ú teanga.
Cad is tumoideachas ann?
Tá taighde cuimsitheach déanta (MET, 1998) a chruthaíonn gurb é an modh is fearr chun teanga a shealbhú ná tríd an tumoideachas. Is é córas an tumoideachais atá á chur i bhfeidhm i scoileanna an Fhorais.
Ciallaíonn tumoideachas go ndéantar gach ábhar, gnó agus idirbheartaíocht sa scoil trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo súitear isteach gach gné den teanga, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar chumas an dalta í a thuiscint agus í a labhairt i bhfad níos tapúla.
Ní mhúintear Béarla go dtí an dara téarma sna Naíonáin Shinsir i scoileanna an Fhorais. Cruthaíonn taighde go
ndéanann daltaí sa chóras seo níos fearr i scríobh agus i léamh an Bhéarla agus i léamh na Gaeilge ná an meán náisiúnta (Ó hAiniféin, 2007; Cloud, Genesee & Hamayan, 2000).
Céard iad Cuspóirí an Oideachais lán-Ghaeilge?
1. Oideachas den scoth a sholáthar do dhaltaí ár scoileanna.
2. Forbairt iomlánaíoch na bpáistí a chothú agus a neartú.
3. Tacú le cur chun cinn na Gaeilge, an cultúr Gaelach agus pobal na Gaeilge.
Nuacht is déanaí
Tuismitheoirí

Nuachtlitir ó Phríomhchigire na Roinne Oideachais
Nuachtlitir ó Phríomhchigire na Roinne Oideachais, Nollaig 2023 Is mise Yvonne Keating, an Príomhchigire sa Roinn Oideachais. Oibrímid don Rialtas agus don phobal, chun a chinntiú go bhfuil na deiseanna foghlama is fearr ag gach leanbh agus duine óg, bíodh siad i...

Ciorclán 0039/2023: Curaclam Matamaitice na Bunscoile do bhunscoileanna & scoileanna speisialta
Ciorclán 0039/2023: Curaclam Matamaitice na Bunscoile do bhunscoileanna & scoileanna speisialta Íoslósáil Ciorclán 0039/2023 (PDF) anseo Íoslódáil leabhrán do thuismitheoirí (PDF) anseo

Cúrsa Gaeilge do CRS
DATE / DÁTA: Thursdays - 4th, 11th, 18th & 25th May TIME / AM: 7pm to 8pm ONLINE VIA ZOOM FEE / TÁILLE: Free of charge This four-week course is both a refresher for those who have Irish but may not have used it in a while, and an introduction to oral Irish for...