Ár Scoileanna/Athchumrú

Athchumrú Scoileanna

Sheol An Roinn Oideachais & Óige An Suirbhé Bunscoile ar an 4 Samhain 2025 agus é mar aidhm acu go mbeidh oideachas ionchuimsitheach ar fáil do chlanna ina gceantar áitiúil ar fud na tíre, rud a thacaíonn le cuimsiú an ilchultúrachais sa sochaí agus a chuireann tuilleadh rogha ar fáil do thuismitheoirí/chaomhnóirí maidir le hoideachas dá bpáistí.

Léiríonn torthaí an tsuirbhé a foilsíodh ar an 7 Aibreán 2026 gur mhaith le 13% de thuismitheoirí go náisiúnta i scoileanna Béarla go mbeadh oideachas trí Ghaeilge ar fáil dá bpáistí. Is ionann seo agus 65,398 páiste sa tír nach bhfuil rochtain acu ar ghaelscoil i láthair na huaire. Níl ach 150 de na 2,900 bunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ina ngaelscoileanna, ag freastal ar 8% de dhaltaí.

  • 07.04.2026: Preasráiteas An Foras Pátrúnachta (Léigh anseo)
  • Cludach sna meáin: RTÉ, Raidió na Gaeltachta, Tuairisc.ie
  • Ráiteas Caoimhín Ó hEaghra (Ard-Rúnaí AFP): “Cé go léiríonn na torthaí éileamh suntasach nach bhfuil á shásamh, creidimid go bhfuil an fíor-éileamh i bhfad níos airde. Léirigh taighde náisiúnta a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge i mbliana (An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025) go bhfuil an t-éileamh chomh hard le 45%.“

 

Eolas Ginearálta

Tuigeann An Foras Pátrúnachta an tábhacht a bhaineann le cur chuige córasach, soiléir agus inbhuanaithe a bheith ar fáil do scoileanna agus iad ag tabhairt aghaidh ar athchumrú.

Tá Bainisteoir Sainspioraid & Athchumraithe lán-aimseartha ceapaithe againn chun tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do scoilphobail maidir leis an bpróiséas.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Tim: tim@foras.ie

Eolas do Bhoird Bhainistíochta

Tá Bainisteoir Sainspioraid agus Athchumraithe fostaithe ag An Foras Pátrúnachta  chun treoir agus tacaíocht a chur ar fail do Bhoird Bhainistíochta gur mian leo tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin leis an scoilphobal.  Cuirimid ard-luach ar mhuinín a chothú le pobal na scoile agus cumarsáid bhríoch agus oscailte a chur chun cinn.
 
Eagraíonn An Foras Pátrúnachta cruinnithe leis an mBord Bainistíochta, leis an bhfoireann agus le pobal na scoile faoin athchumrú agus cuirtear pacáistí eolais ar fáil do na rannpháirtithe uile.
 
Bíonn ról lárnach ag an mBord Bainistíochta sa phróiseas comhairliúcháin agus aontaítear plean gnímh uathúil do gach scoil chun freastal ar na riachtanais ábhartha.  Tacaíonn An Foras Pátrúnachta le bainistíocht na scoile ag gach céim den phróiseas.
 

 

 

Eolas do Thuismitheoirí & Caomhnóirí

Is éard atá san athchumrú ná deis do scoileanna bogadh i dtreo sainspiorad ilchreidmheach, céim a dhéanann scáthú ar an bpobal ilchineálach ilchultúrtha ina mairimid.  Cuireann scoil le sainspiorad ilchreidmheach leis an rogha do chlanna maidir le hoideachas dá bpáistí a dhéanann ceiliúradh ar thraidisiúin agus ar chultúr an uile pháiste sa scoil.
Bíonn ról lárnach ag tuismitheoirí in oideachas a bpáistí agus tuigeann An Foras Pátrúnachta an tabhacht le cumarsáid oscailte agus thuisceanach le pobal na scoile faoin athchumrú.  Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí freastal ar chruinnithe eolais agus scaiptear pacáiste eolais faoin athchumrú agus spreagtar tuismitheoirí lena dtuairimí a phlé le bainistíocht na scoile agus leis An Foras Pátrúnachta ar an ábhar tábhachtach seo.

Eolas ón Roinn Oideachais

Faigh thíos na hacmhainní atá ar fáil ón Roinn Oideachais maidir le hathchumrú scoileanna: