Tuismitheoirí/Tumoideachas

Tumoideachas

Eolas ginearálta mar gheall ar bhuntáistí an tumoideachais inár scoileanna

Cad é tumoideachas?

Tumoideachais i scoil lán-Ghaeilge déantar gnó na scoile ar fad trí mheán na Gaeilge. Múintear na ranganna trí Ghaeilge, bíonn cumarsáid idir an fhoireann as Gaeilge, déantar gnó an Bhoird Bainistíochta trí Ghaeilge agus spreagtar na páistí chun Gaeilge a labhairt eatarthu féin. Neartaíonn an scoil an pobal labhartha Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh de gheataí na scoile. Tá na scoileanna lán-Ghaeilge oscailte, fáiltiúil agus chuige sin tacaíonn siad le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i saol na scoile trí imeachtaí éagsúla, ó ranganna Gaeilge go Coiste na dTuismitheoirí agus a lán eile.

Cuspóirí an Oideachais Lán-Ghaeilge

  • Oideachas den scoth a sholáthar do dhaltaí ár scoileanna.
  • Forbairt iomlánaíoch na bpáistí a chothú agus a neartú.
  • Tacú le cur chun cinn na Gaeilge, an cultúr Gaelach agus pobal na Gaeilge

 

Córas an Tumoideachais

Tá taighde cuimsitheach déanta a chruthaíonn gurb é an modh is fearr teanga a shealbhú ná tríd an tumoideachas.

Is é an córas tumoideachais amháin atá á chur i bhfeidhm i scoileanna an Fhorais.

Ciallaíonn tumoideachas go ndéantar gach ábhar, gnó agus idirbheartaíocht sa scoil trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo súitear isteach gach gné den teanga, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar chumas an dalta í a thuiscint agus í a labhairt i bhfad níos tapúla. Ní mhúintear Béarla go dtí an dara téarma sna Naíonáin Shinsir nó níos déanaí i scoileanna an Fhorais. Cruthaíonn taighde go ndéanann daltaí sa chóras seo níos fearr i scríobh agus i léamh an Bhéarla agus i léamh na Gaeilge ná an meán náisiúnta (Ó hAiniféin, (2007), Cloud, Genesee & Hamayan (2000) ).

Cén fáth a roghnaítear oideachas lán-Ghaeilge?

Roghnaíonn tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ar chúiseanna éagsúla, na cúiseanna seo san áireamh:

  • Tá sé fíor-thábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí.
  • Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile.
  • Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin.
  • Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh i ndá theanga agus na buntáistí a théann leis sin.
  • An t-oideachas den scoth a chuireann na scoileanna ar fáil do pháistí.
  • Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí.

Chomh maith leis na cúiseanna seo ar fad tá buntáistí breise ann do pháiste má fhreastalóinn sé/sí ar scoil lán-Ghaeilge. 

 Faigh tuilleadh eolais, acmhainní is ceisteanna coitianta ag www.gaeloideachas.ie

 

Ilteangachas

Dátheangachas

Séard atá i gceist le dátheangachas ná dhá theanga a bheith ar do thoil agat.

Bíonn inniúlacht cainte sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag páistí a fhreastalaíonn ar scoileanna an Fhorais.

Léiríonn an taighde atá déanta ar oideachas dátheangach:

  • Go n-éiríonn níos fearr go hacadúil leis na páistí a théann tríd an gcóras
  • Go mbíonn sé níos éasca orthu teangacha eile a fhoghlaim
  • Go mbaineann siad marcanna níos fearr amach sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic
  • Go mbíonn oscailteacht do chultúir eile acu

 

Ilteangachas

Tá sé i gceist againn córas ‘CLIL’ a chur i bhfeidhm inár scoileanna, mar a dhéantar ar fud na hEorpa agus mar sin buntáistí breise a thabhairt do na daltaí inár scoileanna.

Faigh tuilleadh eolais, acmhainní is ceisteanna coitianta ag www.gaeloideachas.ie 

    Buntáistí

    De réir an taighde ar oideachas dátheangach seo cuid de na torthaí do dhaltaí a théann tríd an córas:

    • Cruthú níos fearr go hacadúil (Gallagher & Hanna, 2002).
    • Níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim (Cenoz & Valencia 1994).
    • Tuiscint agus oscailteacht do chultúir eile (Gallagher & Hanna, 2002).
    • Feabhas ar fheidhmiú chognaíochta sa gcruthaíocht agus sa gcumarsáid (Bialystok et al. 2005).
    • Scóir níor airde i mBéarla agus sa Mhata (Ionad Taighde Oideachais, 2011)
    • Feasacht ardaithe i leith féiniúlacht, cultúr agus tuiscint ar phobal (Baker, 2003)
    • Ardú i bhféinmhuinín (Baker, 2003)
    • Ardaíonn oideachas dá theangach feidhmiú acadúil, buanna cruthaitheacha agus féin mhuinín i ndaltaí (NMABE, 2006; Cummins, 2000)
    • Scileanna cumarsáide agus sóisialta feabhsaithe (Cummins, 2000)

     

    Faigh tuilleadh eolais, acmhainní is ceisteanna coitianta ag www.gaeloideachas.ie 

     

    Nuacht is déanaí

    Tuismitheoirí
    Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha PC1/PC2

    Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha PC1/PC2

          Maidir le hagallaimh PC1/PC2 is gá measúnóirí neamhspleácha a roghnú ón liosta aontaithe idir AFP agus an INTO. Tá liosta reatha na measúnóirí neamhspleácha d'agallaimh PC1/PC2 glanta anois. Beidh an chéad sheisiún oiliúna ar siúl Dé Céadaoin 24...

    Léigh Tuilleadh
    Cúrsa Gaeilge do CRS

    Cúrsa Gaeilge do CRS

    DATE / DÁTA: Thursdays - 4th, 11th, 18th & 25th May TIME / AM: 7pm to 8pm ONLINE VIA ZOOM FEE / TÁILLE: Free of charge This four-week course is both a refresher for those who have Irish but may not have used it in a while, and an introduction to oral Irish for...

    Léigh Tuilleadh
    Athbhreithniú ar Acht EPSEN

    Athbhreithniú ar Acht EPSEN

    Tá athbhreithniú tosaithe ag an Roinn Oideachais ar an reachtaíocht a sholáthraíonn oideachas do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.   Is é an acht um oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, 2004, a...

    Léigh Tuilleadh