Tuairisceán Bliantúil ar Shonraí Trádála CBL (RTD)

Jill Mc Mahon

11/09/2023

Airgeadas | Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Tuairisceán Bliantúil ar Shonraí Trádála CBL (RTD)

Caithfidh gach uile scoil atá cláraithe le haghaidh an CBL Tuairisceán ar Shonraí Trádála (RTD) a chomhlánú gach bliain. Bíonn sé sin dlite ag an am céanna leis an tuairisceán deireanach CBL, a chomhlánaítear ag deireadh do bhliana cuntasaíochta. D’fhormhór na scoileanna, is é sin an tuairisceán a bhaineann leis an tréimhse ó mhí Iúil chuig mí Lúnasa, a bhíonn dlite faoin 23 Meán Fómhair. Ba cheart go mbeadh beireadh na bliana cuntasaíochta CBL i gcomhréir le deireadh bhliain chuntasaíochta na scoile, arb ionann é agus an 31 Lúnasa.

Chun Deireadh na bliana cúntasaíochta ó thaobh CBL de a athrú, Iarr ar na Coimisinéirí Ioncaim trí moChursaí chun e a athrú. Má bhí tionscadal tógála nó deisithe ar bun agat i gcaitheamh na bliana, b’fhéidir gur íoc tú CBL.

Murar íoc tú CBL, beidh ort tuairisceán ‘0’ ar shonraí trádála a chur isteach fós féin. Caithfear an tuairisceán ar shonraí trádála (RTD) a chur isteach trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Tuilleadh anseo…