Scéim Pá um Shaoire Bhreoiteachta Reachtúil
Réamhrá
Tháinig an tAcht um Shaoire Bhreoiteachta i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2023 agus forálann sé do theidlíocht ar shaoire bhreoiteachta reachtúil i gcás fostaí a bheadh ag obair de ghnáth ach nach raibh in ann oibriú de dheasca breoiteachta nó gortaithe. Ón 1 Eanáir 2023 i leith, tá sé de cheart ag fostaithe 3 lá saoire breoiteachta íoctha a fháil in aghaidh na bliana féilire. Is é an méid íocaíochta breoiteachta laethúil ná 70% de ghnáthphá laethúil na bhfostaithe suas go huasmhéid €110 in aghaidh an lae. Is é seo an t-íoslíon dlíthiúil laethanta breoiteachta íoctha in aghaidh na bliana anois. Baineann an tAcht um Shaoire Bhreoiteachta 2022 le fostaithe, a bhfuil ar a laghad 13 seachtaine de sheirbhís leanúnach acu, atá fostaithe faoi chonradh fostaíochta, cibé acu faoi chonradh lánaimseartha, páirtaimseartha, buan nó téarma seasta.