Ullmhú le haghaidh Cuntas Deireadh Bliana 2021/2022
Tá d’oibleagáid ar bhoird bhainistíochta Bunscoileanna cuntais bhliantúla a ullmhú gach bliain agus seirbhísí iniúchóra/cuntasóra seachtraigh a fháil chun na cuntais a ullmhú agus a chur faoi bhráid FSSU faoin 28 Feabhra i ndiaidh dheireadh na bliana.
Is é cuspóir na treoirlíne seo cúnamh a chur ar fáil maidir leis na leabhair agus na taifid a ullmhú don chuntasóir seachtrach. Tugtar amlíne mholta le haghaidh gach céime in Aguisín 1. Tugtar seicliosta in Aguisín 2 chun cabhrú leat.
Sula dtugann tú do thaifid don chuntasóir, ba cheart duit a áirithiú go bhfuil gach idirbheart don bhliain 2021/2022 taifeadta i dTeimpléad Tuairiscithe Míosúil FSSU. Féach Seimineár Gréasáin 2 thíos. Ar an mbealach sin, is féidir a áirithiú go bhfuil do chuid tuarascálacha bainistíochta agus na rudaí a bhreacfar ag deireadh na bliana chomh cruinn agus is féidir.
-
Íoslódáil treoirlíne (PDF) anseo.