TREOIR: Gníomhaíocht Thionsclaíoch atá Beartaithe ag Rúnaithe & ag Feighlighthe Scoile

Jill Mc Mahon

21/08/2025

Boird Bhainistíochta | Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Cinntigh, le do thoil, go gcuirtear an litir seo ar fáil do Chathaoirligh an Bhoird Bhainistíochta

 

Treoir maidir le Gníomhaíocht Thionsclaíoch atá Beartaithe ag Rúnaithe & ag Feighlighthe Scoile

Tugtar treoir sa nóta seo thíosluaite ón Roinn roimh an ngníomhaíocht thionsclaíoch atá beartaithe ag rúnaithe agus feighlithe scoile atá ina mbaill de cheardchumann Fórsa, atá le tosú ar an Déardaoin, an 28 Lúnasa.

Príomhullmhúcháin roimh an 28 Lúnasa:

  1. Rochtain & Pasfhocail: Cinntigh go bhfuil rochtain ag duine cuí ar gach córas agus taifead criticiúil. (baincéireacht / aláraim / Esinet / pá rolla)
  2. Íocaíocht Bhaill Foirne na Scoile: Tá gach eolas mar gheall ar úsáid OLCS ar fáil ag an nasc seo.
  3. Baill foirne coimhdeacha eile a íoc: Cinntigh go bhfuil ullmhúcháin i bhfeidhm ionas go n-íoctar baill foirne coimhdeacha ábhartha nach bhfuil páirteach i ngníomhaíocht.
  4. Laethanta Scaoilte: Tá scoileanna i dteidil lá scaoilte bainistíochta breise amháin do gach seachtain iomlán de ghníomhaíocht stailce sa chás go dtiteann dualgais bhreise ar bhainistíocht na scoile.
  5. Tar-Rolladh Scoláirí atá ann Cheana Féin & Scoláirí Nua a Rollú: Cinntigh go bhfuil sonraí na scoláirí cothrom le dáta ar POD agus PPOD. Féach ar an nasc seo le haghaidh treoracha céim ar chéim
  6. Laethanta Stailce a Thaifeadadh: Coinníollacha íocaíochta do rúnaithe ag braith ar a gcur chuige íocaíochta
  7. Rochtain & Cothabháil: Eochracha, nósanna imeachta/cothabhála/éigeandála
  8. Seirbhísí luathbhlianta, cúram leanaí in aois scoile nó grúpaí pobail: Teagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí & le grúpaí a úsáideann an foirgneamh scoile.

Tá litir shamplach do thuismitheoirí/caomhnóirí mar gheall ar an ngíomhaíocht thionsclaíoch iniata sa litir chomh maith.