TC 0003/2022 – COVID-19: An Scéim um Shaoire Thuismitheoireachta – Socruithe don chuid eile de scoilbhliain 2021/22 do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna aitheanta
- Réamhrá
1.1 Leis an Nóta seo tugtar nuashonrú d’fhostóirí maidir leis na hathruithe sealadacha reatha ar théarmaí agus ar choinníollacha na Scéime um Shaoire Thuismitheoireachta do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta (fostaithe), de réir mar a dhéantar foráil dóibh i Nóta Faisnéise 0001/2022 de chuid na Roinne. - 1.2 Is maith is eol don Roinn go bhfuil cúinsí sainiúla fós ann maidir le cúram leanaí. Ar an mbonn sin, fanfaidh na hathruithe sealadacha reatha ar an scéim um Shaoire Thuismitheoireachta i bhfeidhm don chuid eile de scoilbhliain 2021/22.
- 1.3 Tá na hathruithe sealadacha ar an Scéim um Shaoire Thuismitheoireachta sonraithe i mír 2 den Nóta Faisnéise seo.
- 1.4 Glacann an Nóta Faisnéise seo ionad mhír 7 de Nóta Faisnéise 0001/2022.
- 1.5 Ó scoilbhliain 2022/23 ar aghaidh, beidh feidhm ag téarmaí agus coinníollacha na Scéime um Shaoire Thuismitheoireachta, de réir mar a foilsíodh i gCiorcláin na Roinne.
Léigh tuilleadh: Nóta Faisnéise TC 0003/2022