Ó Dhíolúine go hIonchuimsiú: Tuarascáil Taighde ar Dhíolúintí ó Staidéar na Gaeilge
Pádraig Ó Duibhir Ollamh Emeritus – Professor Emeritus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – Dublin City University Meitheamh 2026 – June 2026
Tá taighde nua seolta ag Cathaoirleach An Foras Pátrúnachta, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, mar gheall ar Dhíolúintí ó Staidéar na Gaeilge. Féach thíos an réamhrá, an taighde é féin agus an clúdach sna meáin.
Ó Dhíolúine go hIonchuimsiú
“Cé go bhfógraíonn an Roinn Oideachais agus Óige ina gcuid polasaithe go bhfuil cur chuige ionchuimsitheach oideachais i bhfeidhm acu, ní thagann díolúine leis an bhfealsúnacht sin. Faoi chur chuige Universal Design for Learning a bheadh ag teacht le polasaí ionchuimsitheach, bheifí ag súil go gcuirfí an curaclam agus an cur chuige teagaisc in oiriúint do riachtanais an dalta seachas an dualgas a bheith ar an dalta iad féin a chur in oiriúint don chóras agus glacadh le curaclam laghdaithe. Tagann córas na ndíolúintí salach ar an bhfianaise ón taighde reatha a léiríonn go bhfuil ag éirí le daltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu dul i ngleic le teangacha breise agus go bhfuil torthaí chomh maith nó níos fearr acu sa chéad teanga (T1) is atá ag a bpiaraí nach ndéanann staidéar ach ar theanga amháin. Léiríonn an taighde go mbíonn deathionchar ag foghlaim scileanna litearthachta an dara teanga (T2) ar scileanna litearthachta T1. Meastar go dtarlaíonn sé seo de bharr na ngníomhaíochtaí litearthachta a bheith méadaithe seachas laghdaithe. Éiríonn go han-mhaith le daltaí i scoileanna lan-Ghaeilge agus gaelcholáistí an Ghaeilge a shealbhú ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil.
Ní hamháin go bhfuil an cleachtas in Éirinn maidir le díolúintí as riocht leis an taighde, tá sé as riocht leis an gcleachtas i dtíortha eile. In Éirinn deonaítear díolúine bhuan ar dhaltaí ar bhonn forleathan ach ar fud na hEorpa is i gcásanna fíoreisceachtúla amháin agus ar bhonn sealadach a deonaítear í. Baineann sé seo le daltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu agus daltaí a thagann déanach chun na tíre araon. Sna cásanna fíoreisceachtúla ina ndeonaítear díolúine, teastaíonn an-chuid fianaise faoi mhúnla cliniciúil faoi mar a mhol Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge in 2024.”
-
Ó Dhíolúine go hIonchuimsiú: Íoslódáil an taighde iomlán (PDF) anseo
-
“Cuirtear deiradh le díolúíne na Gaeilge sa bhunscoil agus tugtar díolúine ‘sealadach’ isteach ag an dara leibhéal – taighde nua.” Léigh an t-alt ar Tuairisc.ie anseo nó thíos.

