Tacaigh Linn

Tá bealaigh éagsúla ann chun tacú lenár n-eagraíocht agus lenár scoileanna.

Tacaigh leis An Foras Pátrúnachta

Na Meáin Shóisialta

Cabhraigh linn ár dteachtaireacht a roinnt le do theagmhálaithe. Tuilleadh eolais thíos:

 

Glac síntiús

Is carthanacht chláraithe muid agus caithfear aon síntiús ar leas na scoileanna agus oideachas lán-Ghaeilge a fhás.

Tuilleadh eolais anseo

Obair Dheonach

An bhfuil am agus scil nó acmhainn agat a bheadh chun leas ár gclár oibre?

Déan teagmháil linn: eolas@foras.ie

 

Tacaigh

Bíonn feachtais á rith againn go rialta gaelscoileanna nua a oscailt, spriocanna (foirgnimh bhuana m.sh.) a bhaint amach srl.

Ba bhreá linn a chloisteáil uait más féidir leat tacú linn.

 

Suí ar ár mBord Stiúrtha

Tacaigh linn ag an leibhéal is airde. Bíonn ról lárnach ag na baill a oibríonn go deonach agus imríonn a gcuid saothair tionchar ar na mílte daltaí inár scoileanna mar aon leis an eagraíocht féin.

 

Tacaigh le scoil

An Bord Bainistíochta

Bíonn an ochtar ball ag obair go deonach. Cuireann siad leas na bpáistí chun tosaigh ina gcuid oibre. Más féidir leatsa am a dheonú, is bealach iontach é seo tionchar dearfach a imirt ar do phobal agus ár scoileanna scaipthe thar 22 contae. 

 

Deonaigh

Bíonn gach scoil ag tiomsú airgid agus ag glacadh le hairgead deonaithe. Cuirtear an t-airgead sin i dtreo acmhainní den scoth a chur ar fáil do na daltaí.

 

Obair Dheonach

An bhfuil am agus scil nó acmhainn agat a bheadh chun leas scoile ar nós; cuntasaíocht, ailtireacht, tógáil, leictreachas srl? Nuair a cuirtear na scileanna seo ar fáil, díríonn scoileanna a n-acmhainní in acmhainní oideachasúla a chur ar fáil do na daltaí.