Tá An Foras Pátrúnachta, COGG, agus Gaeloideachas ag eagrú cruinniú poiblí maidir leis an bPróiseas Comharliúcháin chun polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Tionólfar an cruinniú poiblí ag 8pm ar an 6 Nollaig (Dé Máirt) in Óstán an Alex, BÁC 2, D02 H678.
Roinnfear tuilleadh eolais ar an bpróiseas ar an oíche ionas go mbeidh an deis ag na scoileanna agus ag na geallsealbhóirí ábhartha go léir a dtuairimí a roinnt ar an gceist thábhachtach seo. Beidh tionchar fadtréimhseach ag an bpolasaí nua seo ar thodhchaí na teanga agus an oideachais lán-Ghaeilge.
Bígí linn! Cláraigh anseo: https://gaeloideachas.ie/cruinniu-poibli/
Tuilleadh eolais: https://www.gov.ie/ga/comhairliuchan/b0e9f-proiseas-comhairliuchain-chun-polasai-a-fhorbairt-don-oideachas-lan-ghaeilge-lasmuigh-den-ghaeltacht/
