An Suirbhé Bunscoile – Tá riosca ag baint le ceist na Gaeilge mar atá sí curtha
English version available from English version of this site
Tá imní léirithe ag An Foras Pátrúnachta inniu maidir leis an suirbhé atá fógartha ag an Aire Mc Entee maidir le mianta tuismitheoirí d’oideachas a bpáistí ag an mbunleibhéal.
Ag labhairt ar fhógra an Aire inniu dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra: “Cé go gcuirimid fáilte roimh an deis do thuismitheoirí a dtuairimí a chur in iúl maidir le hoideachas ilchreidmheach, tá imní orainn maidir leis an gceist faoi oideachas lán-Ghaeilge. Cuireann an cheist sin rud casta i láthair mar rud atá simplí .i. Ar mhaith leat go ndéanfaí gaelscoil de do scoil? Is próiseas casta atá i gceist leis sin agus is é an imní atá orainn ná go mbeidh tuismitheoirí cúramach agus go vótálfaidh siad ‘níl’. D’iarr muid ar an Aire McEntee an cheist a leasú ach níl aon athrú uirthi.”
Faoi láthair, níl ach 8% de dhaltaí bunscoile ag fáil oideachais trí Ghaeilge. Is eol dúinn go roghnódh a trí oiread oideachas trí Ghaeilge dá mbeadh an rogha sin ina gceantar. Thug an taighde is déanaí ón ESRI le fios go roghnódh 23% de thuismitheoirí scoil lán-Ghaeilge agus sna comórtais phátrúnachta a ritheadh le 13 bliain anuas vótáil 26% de na tuismitheoirí sna ceantair ar son oideachas trí Ghaeilge.
“Tá sprioc ag an stát 400 scoil ilchreidmheach a bhaint amach faoi 2030. Beidh an Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge á fhoilsiú Déardaoin agus tá súil againn go mbeidh sprioc ullmhianach leagtha amach faoin líon scoileanna lán-Ghaeilge faoi 2030.” a dúirt Ó hEaghra.
Tá súil ag An Foras go nglacfaidh tuismitheoirí an deis a mianta a chur in iúl i leith na Gaeilge, agus bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé go mbeimid ábalta oibriú i dtreo oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar i gceantair timpeall na tíre nach bhfuil ann dó i láthair na huaire. Molaimid do gach tuismitheoir scoile agus réamhscoile tacú leis an nGaeilge chun an t-éileamh is airde a léiriú.
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.
Tuilleadh eolais:
-
Jill McMahon, Bainisteoir Cumarsáide – 083-0932977
-
Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí – 086-1738044

