An Suirbhé Bunscoile – Eolas Tábhachtach

Jill Mc Mahon

04/12/2025

Nuacht ar Fad

Glac páirt sa Suirbhé Bunscoile inniu. Tá sé tapa, éasca & rúnda.

Sheol An Roinn Oideachais & Óige An Suirbhé Bunscoile an 4 Samhain agus tá bhur gcúnamh ag teastáil le ráta ard freagartha a bhaint amach.

Tá trí cheist le freagairt ag príomhoidí, baill foirne scoile, boird bhainistíochta, agus tuismitheoirí (páistí bunscoile & réamhscoile) mar gheall ar chomhoideachas, ilchreidmheachas agus oideachas lán-Ghaeilge.

Seo daoibh an t-eolas cuí do gach vótálaí agus is gá an suirbhé a chomhlánú faoin 16 Nollaig.

 

Scoileanna:

  • Vótálaithe: Príomhoidí, múinteoirí, CRSanna, baill bhoird bhainistíochta
  • Cad atá ag teastáil: PIN uathúil – seolta ag An Roinn chuig an scoil
  • Nasc chuig an suirbhé: Ar fáil anseo
  • Eolas le scaipeadh ar thuismitheoirí: Ar fáil anseo

 

Tuismitheoirí:

  • Vótálaithe: Tuismitheoirí & caomhnóirí
  • Aoisghrúpa an pháiste:

– Páistí reatha scoile

– Páistí ag aois réamhscoil (0 – 5bln)

  • Cad atá ag teastáil: Beidh Eircode uait chun an suirbhé a chomhlánú
  • Nasc chuig an suirbhé: Ar fáil anseo

 

Tuilleadh Eolais:

 

Seasamh An Foras Pátrúnachta:

Is é  An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach acu.

Cuirimid fáilte roimh an deis do thuismitheoirí a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an gcineál oideachais ar mhaith leo dá bpáistí. Seo roinnt eolais mar gheall ar stádas reatha ár scoileanna:

  • Comhoideachas: Tá gach gaelscoil sa tír ina scoil comhoideachais i láthair na huaire.

 

  • Ilchreidmheachas: Is pátrún il-shainchreidmheach muid. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid tiomanta dár scoileanna beag bonn ar a sainchreideamh.

– Tá 36 scoil Caitliceach faoinár bpátrúnacht.

– Tá 17 scoil Idirchreideamh faoinár bpátrúnacht.

– Tá 27 scoil Ilchreidmheach faoinár bpátrúnacht.

   – Pointe eolais: Is é An Foras Pátrúnachta an t-aon phátrún a fheidhmíonn go hiomlán trí Ghaeilge agus a chuireann seirbhís iomlán trí Ghaeilge ar fáil do scoileanna. Déanann An Foras Pátrúnachta ionadaíocht ar son oideachas lán-Ghaeilge leis An Roinn agus san earnáil oideachais i gcoitinne. Má chinneann pobal scoile go bhfuil siad ag iarraidh pátrúnacht scoile a athrú chuig An Foras Pátrúnachta agus an sainchreideamh reatha a choinneáil, is féidir sin a dhéanamh ach iarratas a dhéanamh lena bpátrún reatha. Tá tacaíochtaí i bhfeidhm againn chun freastal ar gach cás athchumraithe.

 

  • Oideachas lán-Ghaeilge: Creideann An Foras Pátrúnachta go bhfuil sé de cheart ag gach páiste sa tír a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Tá an rogha seo ag teaghlaigh i gceantair áirithe sa tír agus níl i gceantair eile. Má chreideann tusa go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh gaelscoil mar rogha i do cheantar, fiú má tá do pháiste ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge i láthair na huaire, molaimid do gach tuismitheoir scoile agus réamhscoile tacú leis an nGaeilge chun an t-éileamh is airde is féidir a léiriú. Cabhróidh sé seo linn gaelscoileanna úra a oscailt as seo amach.