Soláthar Oideachais – Úcráin

Jill Mc Mahon

01/06/2022

Ciorcláin | Nuacht ar Fad | Úcráin

Tá an Rialtas tiomanta do fhreagra daonnúil a sholáthar chun fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus atá ag lorg cosanta in Éirinn.

Tá na céadta daoine ag teacht go hÉirinn gach lá as an Úcráin, agus is leanaí mórán acu.

Cheana féin, tá fáilte curtha ag roinnt scoileanna roimh leanaí agus roimh dhaoine óga as an Úcráin a tháinig chucu agus iad ag iarraidh clárú. Is mór ag an Aire bhur bhfreagairt thapa agus bhur bhfáilte.

D’fhéadfadh an t-eolas thíos a bheith úsáideach do phobail scoileanna ag an am seo. Tá an cás seo ag athrú i gcónaí, agus leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag déanamh cumarsáide le scoileanna agus leis na comhpháirtithe oideachais sna seachtainí seo amach romhainn maidir leis an ábhar seo.

Tá acmhainní áisiúla eile don seomra ranga:

Beidh áiseanna ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge ó COGG go luath. Bí i dteagmháil linn le haon fhiosrúcháin eile ó thaobh oideachas a sholáthar do dhaltaí na hÚcráine i do scoil eolas@foras.ie