SOILÉIRIÚ: Ionadaíocht Bunscoile

Jill Mc Mahon

24/01/2022

Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Cé go bhfuil tacaíochtaí soláthraithe ag an Roinn do scoileanna chun cuidiú leo an scolaíocht a choinneáil ar siúl le linn na paindéime, tuigeann an Roinn chomh maith go mbeidh gá ag scoileanna le breis clúdach ionadaíochta ó seo go dtí an briseadh lárthearma (23 Feabhra 2022) de bharr an líon mór cásanna chun cabhrú leo deileáil le neamhláithreachtaí le linn na tréimhse seo den phaindéim Cóivid-19. Ta raon bearta, lena n-áirítear solúbthacht maidir le hinfhaighteacht múinteoirí faoi oiliúint, curtha ar fáil chun infhaighteacht ionadaithe do scoileanna a mheadú

Iarradh ar scoileanna gach iarracht a dhéanamh ionadaí a fháil do gach neamhláithreacht múinteoirí. Tá sé curtha in iúl do scoileanna gurb é seo a leanas an t-ord chun gach asláithreacht múinteoirí a chlúdach:

  • An painéal soláthair má tá an scoil mar chuid de shocrú um chnuasach painéal soláthair,
  • Painéal múinteoirí ionaid rialta na scoile féin,
  • An tseirbhís náisiúnta múinteoirí ionaid/Subseeker
  • Múinteoirí faoi oiliúint/ábhar múinteoirí – tugadh breac-chuntas ar shonraí na socruithe solúbtha breise do mhic léinn atá ar shocrúchán chun clúdach ionadaíochta a sholáthar
  • Socruithe áitiúla eile amhail an príomhoide riaracháin/an príomhoide riaracháin tánaisteach más infheidhme, nó múinteoirí eile nach múinteoirí ranga iad

 Tuigtear nár cheart leas a bhaint as múinteoirí nach múinteoirí ranga iad – leithéide múinteoirí riachtanais speisialta agus múinteoirí tacaíochta don Bhéarla – ach sa chás  nach féidir teacht ar ionadaí trí mheán aon chenn de na bearta thuas. Tá an beartas seo ann chun laghdú a dhéanamh a mhéid agus is féidir, ar chur isteach ar an bhfoghlaim do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu atá i ranganna príomhshrutha ach a bhfuil teagasc breise á fháil acu ina scoileanna. Ní bhaineann sé seo le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu i ranganna speisialta (ranganna do leanaí a bhfuil uathachas orthu,mar shampla) mar baineann sé le múinteoirí oideachais speisialta nach bhfuil sa seomra ranga.

Ag cur san áireamh an leibhéal reatha d’asláithreachtaí fostaithe ar fud earnálacha, lena n-áirítear an earnáil oideachais, tuigeann an Roinn go raibh ar roinnt scoileanna ó am go chéile, úsáid a bhaint as a gcuid múinteoirí neamhphríomhshrutha, nach múinteoirí ranga iad chun oideachas i bpearsan a choinneáil ar siúl an tseachtain seo. Tuigeann an Roinn freisin go bhfuil líon mór leanaí as láthair ón scoil faoi láthair, ag féin-aonrú mar thoradh ar Covid-19 nó mar thoradh ar dhlúth-theagmháil. Sna cúinsí seo tuigeann an Roinn go bhféadfadh deis a bheith caillte ag na leanaí seo chun tacaíocht bhreise a fháil óna múinteoir oideachas speisialta agus tá sí anois ag ceadú uaireanta oideachais speisialta (SET) a chur sa bhanc ó Eanáir go dtí an sos lárthéarma I bhFeabhra, ag teacht leis na bearta breise ar fad atá ann chun tacú le scoileanna le linn na tréimhse seo den phaindéim.

Meabhraítear do scoileanna cloí le téarmaí an Nóta Faisnéise is déanaí maidir le seicheamhú ionadaíochta ionas go maolófar ar úsáid an mhúinteora oideachais speisialta ach, nuair nach féidir é a sheachaint, ceadófar do scoileanna na huaireanta a chur i mbanc lena chinntiú go bhfaighidh páistí a bhfuil riachtanais bhreise acu an tacaíocht atá ag dul dóibh.