Is é cuspóir an fhógra seo scoileanna a chur ar an eolas faoi na socruithe le haghaidh deontais atá amuigh a íoc leis na scoileanna sin a fhostaíonn rúnaithe a d’aistrigh chuig párolla na Roinne i mí Mheán Fómhair 2023. Laghdófar an deontas coimhdeach atá dlite do na scoileanna sin chun go mbeifear ag teacht leis an bhfíric nach bhfuil siad ag íoc na mball foirne sin go díreach a thuilleadh.

