Seisiúin Oiliúna don Fhoireann & Do Bhoird Bhainistíochta

An Foras Pátrúnachta / Imeachtaí / Seisiúin Oiliúna don Fhoireann & Do Bhoird Bhainistíochta

D’éirigh go hiontach leis na seisiúin oiliúna ar-líne a reáchtálamar sa dara leath den scoilbhliain anuraidh. Is léir ón tinreamh gur oir an formáid ar-líne do chuid mhór daoine. Tá athstruchtúrú tar éis teacht ar an mbealach a sheachadfar na seisiúin oiliúna as seo amach agus cé nach gcuirfear deireadh iomlán le seisiún bheo in ionad oideachais/óstáin, beimid ag bogadh i dtreo ardán fíorúil. Chuige sin tá deontas faighte ag na heagraíochta bainistíochta chun an t-aistriú sin a fhorbairt agus beimid ag obair ar an bhforbairt sin idir anois angus an Nollaig. I measc na rudaí a bhfuilimid ag breathnú orthu tá cartlann físeán a  chruthú dár suíomh idirlín a ligfidh do bhoird bhainistíochta gnéithe áirithe oiliúna gearra a thaispeáint ag cruinnithe boird. Beidh amchlár na seisiún oiliúna do 2022 seolta roimh Nollaig.

Meabhraímid daoibh go bhfuil se tábhachtach do gach ball boird oiliúint a fháil ar na modúil riachtanacha ní amháin an príomhoide agus an cathaoirleach. Is í an oiliúint an príomhchosaint ar fhadhbanna!

  • Seisiún RCGS/GDPR do MhúinteoiríAn 30 Meán Fómhair ag 7.00 i.n. Tá an seisiún seo dírithe ar na croíphrionsabail GDPR agus ar conas is féidir príobháideacht a chosaint agus a chinntiú sa seomra ranga agus sa scoil. Tá fíor failte roimh bhaill de na Boird Bhainistíochta freisin.
  • Tá go leor athruithe tagtha ar Chúrsaí Dlí do Scoileanna agus tá uasdátú déanta ar an modúl oiliúna sin. Tá an réimse chomh leathan anois nach bheadh sé oiriúnach é a chlúdach in aon seisiún amháin. Chuige sin beidh sraith seisiún oiliúna ar an ábhar idir anois angus an Nollaig.

Seo a leanas na dátaí:

Déardaoin an 7 Deireadh Fómhair 7.00 i.n. Cúrsaí Dlí 1

Déardaoin an 21 Deireadh Fómhair 7.00 i.n. Cúrsaí Dlí 2

Déardaoin an 4 Samhain 7.00 i.n. Cúrsaí Dlí 3

Déardaoin an 18 Samhain 7.00 i.n. Cúrsaí Dlí 3