Seirbhís Chomhtháite Nua “Oide”

Jill Mc Mahon

10/01/2023

Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Bunófar seirbhís chomhtháite nua, dar teideal “Oide” ar an 1 MF 2023

Litir ón Roinn Oideachais

 

A Phríomhoide,

Is í feidhm na cumarsáide seo ná eolas a dháileadh ar scoileanna maidir le forbairt thábhachtach atá ag tarlú ar bhonn náisiúnta i dtaobh soláthair fhorbairt ghairmiúil san oideachas do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile atá maoinithe ag an Roinn Oideachais.

I láthair na huaire, tá ceithre sheirbhís tacaíochta ar an bhfód a sholáthraíonn réimse leathan de thacaí leanúnacha do bhunscoileanna, d’iarbhunscoileanna agus do scoileanna speisialta, ócáidí foghlama gairmiúla do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí san áireamh.

Seo iad:
• Lárionad Ceannaireachta Scoile (LCS)
• An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (SSM)
• An Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí (CNIM)
• An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM)

Tá obair mhór déanta go dtí seo maidir le comhthathú na gceithre sheirbhís tacaíochta agus bunófar seirbhís chomhtháite nua, dar teideal, Oide, ar an 1ú Meán Fómhair 2023. Is í fís na heagraíochta comhtháite nua, Oide, ná tacú le foghlaim ghairmiúil trí fhoghlaim shofhreagrach, nuálach d’ardchaighdeán a fhorbairt chun múinteoirí agus ceannairí scoile in Éirinn a chumasú chun freastal ar riachtanais foghlama na scoláirí i sochaí athraitheach.

 

Léigh an litir ar fad anseo