SEIMINEÁIR NCSE: Ag Tacú le Daltaí le RSO (23 DF & 05 Samh)

Jill Mc Mahon

13/10/2025

Imeachtaí | Nuacht ar Fad | Oiliúint

23 Deireadh Fómhair 2025, 09:30rn – 02:30in

Ag Tacú le Daltaí le RSO

Tugann an seimineár seo tuiscint ar an uathachas trí chur chuige atá bunaithe ar láidreachtaí. Tá sé dírithe ar réimsí tacaíochta do dhaltaí a bhfuil an t-uathachas orthu agus ar straitéisí chun cuimsiú agus rochtain ar an gcuraclam a chumasú.

 

 

05 Samhain 2025, 03:00in – 05:00in

Ag Tacú le Daltaí RSO i Ranganna Príomhshrutha

Tugann an seimineár 2 uair a chloig léargas ar mhúineadh do dhaltaí RSO i suíomh príomhshrutha. Déanfar múnlaí tacaíochta, idirdhealú agus pleanáil do riachtanais éagsúla na ndaltaí a iniúchadh.