D'oscail dhá Ghaelcholáiste faoi phátrúnacht an Fhorais i mí Mheán Fómhair 2014.
Is meánscoil lán-Ghaelach í Coláiste Ghlór na Mara a d'oscail i mBaile Brigín, Co. Bhaile Áth Cliath i mí Meán Fómhair 2014.
Tá An Foras Pátrúnachta ina phatrún ar an nGaelcholáiste nua. Freastalaíonn an scoil, a bhfuil éiteas ilchreidmheach aici, ar an éileamh mór atá ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i dtuaisceart Fhine Gall, An Mhí Thiar agus deisceart an Lú.
Is meánscoil lán-Ghaelach í Gaelcholáiste an Phiarsaigh a d'oscail i Loreto Abbey, BÁC16 i mí Meán Fómhair 2014.
Tá An Foras Pátrúnachta ina phatrún ar an nGaelcholáiste nua. Freastalaíonn an scoil, a bhfuil éiteas ilchreidmheach aici, ar an éileamh mór atá ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.
Tá an fhoirm chlárúcháin chomh maith leis an bpolasaí iontrála ar fáil ar an suíomh idirlín www.gaelcholaiste.com