Faoi láthair, tá cúig bhunscoil faoi phátrúnacht an Fhorais i gCo. Chill Mhantáin.
Bunaíodh Gaelscoil Chill Mhantáin i 1996 chun oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar i gCill Mhantáin agus sa cheantar máguaird. Ba í Gaelscoil Chill Mhantáin an chéad Ghaelscoil idirchreidmheach – le comhspiorad Chaitliceach agus Phrotastúnach – sa tír. Is scoil chomhoideachais í chomh maith.
.
Is bunscoil lán-Ghaelach idirchreidmheach í Gaelscoil na gCloch Liath a bunaíodh i 2008 ag grúpa tuismitheoirí. Tá sainspiorad idirchreidmheach ag Gaelscoil na gCloch Liath.
D'oscail Gaelscoil na Lochanna i mBaile Coimín ar an gcéad lá Meán Fómhair 2006. Tá sainspiorad idirchreidmheach ag Gaelscoil na Lochanna.
Is scoil idirchreidmheach í Gaelscoil an Inbhir Mhór. Osclaíodh an scoil i 1998 le rang naíonáin amháin agus príomhoide na scoile Páidí Ó Flaibhín. Tá breis agus 200 dalta ag freastal ar an scoil anois.
Is bunscoil Chaitliceach faoinár bpátrúnacht í Gaelscoil Uí Chéadaigh.