Scéim Pá um Shaoire Bhreoiteachta Reachtúil

Jill Mc Mahon

15/11/2023

Airgeadas | Nuacht ar Fad

Scéim Pá um Shaoire Bhreoiteachta Reachtúil

Tabhair do d’aire: Gabhann an treoirlíne seo in ionad treoirlíne P14-2022/2023 – Scéim Pá um Shaoire Bhreoiteachta Reachtúil

Réamhrá

Tháinig an tAcht um Shaoire Bhreoiteachta i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2023 agus forálann sé do theidlíocht ar shaoire bhreoiteachta reachtúil i gcás fostaí a bheadh ag obair de ghnáth ach nach raibh in ann oibriú de dheasca breoiteachta nó gortaithe.

Baineann an tAcht um Shaoire Bhreoiteachta 2022 le fostaithe, a bhfuil ar a laghad 13 seachtaine de sheirbhís leanúnach acu, atá fostaithe faoi chonradh fostaíochta, cibé acu faoi chonradh lánaimseartha, páirtaimseartha, buan, nó téarma seasta. Ón 1 Eanái r 2023 i leith tá sé de cheart ag fostaithe 3 lá saoire breoiteachta íoctha a fháil in aghaidh na bliana féilire. Is é an méid íocaíochta breoiteachta laethúil ná 70% de ghnáthphá laethúil na bhfostaithe suas go huasmhéid €110 in aghaidh an lae. Is é seo an t íoslíon dlíthiúil laethanta breoiteachta íoctha in aghaidh na bliana anois in 2023. Léigh tuilleadh…