Rialálaí Carthanas – Oibleagáidí Comhlíonta a Chomhlíonadh

Jill Mc Mahon

09/06/2026

Airgeadas | Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Rialálaí Carthanas – Oibleagáidí Comhlíonta a Chomhlíonadh

Tiomsaíonn an FSSU faisnéis airgeadais bhliantúil ar scoileanna agus cuireann sé an t- eolas seo ar aghaidh chuig an Rialálaí Carthanas.

Chun ceanglais chomhlíonta an Rialálaí Carthanas a chomhlánú, déan athbhreithniú agus fíorú ar an bhfaisnéis seo ar thairseach an Rialálaí Carthanas ar líne chomh luath agus is féidir agus faoin 30 Meitheamh gach bliain amach anseo.

Lean na céimeanna seo a leanas, le do thoil, ag tosú leis an bhfoirm tuairisce is sine atá fós le réiteach:

  1. Logáil isteach i do chuntas ar thairseach an Rialálaí Carthanas ar line.
  2. Déan athbhreithniú ar an bhfaisnéis do gach ceann de na tuarascálacha bliantúla atá fós le réiteach, suas go dtí an scoilbhliain dar críoch 31 Lúnasa 2025 agus an bhliain sin san áireamh.
  3. Dearbhaigh go bhfuil an fhaisnéis ceart agus cuir isteach é.
  • Tá na céimeanna thuas leagtha amach inár ngrafaic faisnéise cabhrach anseo.
  • Mura bhfuil tú in ann teacht ar ainm úsáideora ná ar phasfhocal do chuntais custaiméara, gheobhaidh tú treoracha sa ghrafaic faisnéise chuidiúil atá againn anseo.
  • Má tá dearmad déanta agat ar ainm úsáideora nó ar phasfhocal an chuntais, cliceáil anseo le treoracha a fháil.
  • Tá fiseán cabhrach ar fáil chomh maith ag an Rialálaí Carthanas a thaispeánann treoracha céim ar chéim ar an méid thuas.

Tuarascálacha Bliantúla gan réiteach roimh 2019

Tá foirmeacha tuairiscithe bliantúla réamhlíonta do na blianta 2019* – 2025. Mar sin féin, foirmeacha tuarascálacha bliantúla atá fós gan réiteach roimh 2019, níl siad réamhlíonta. Mura bhfuil sé sin déanta agat cheana féin, cuir isteach an fhaisnéis atá ag teastáil le do thoil, agus cuir isteach aon fhoirmeacha tuairisce bliantúla atá fós gan réiteach, ag tosú leis an gceann is sine.

Má fhaigheann tú eolas atá mícheart san fhoirm réamhlíonta, níl le déanamh ach é a cheartú ar an bhfoirm réamhlíonta. Cuir an FSSU ar an eolas le do thoil, maidir le haon cheartúcháin a dhéanann tú.

*(Ní dhéanfar tuarascálacha 2019 a réamhlíonadh do Phobalscoileanna agus do Scoileanna Cuimsitheacha toisc nár cuireadh cuntais isteach chuig an FSSU don tréimhse sin.)

Meitheamh 2026

 

  • Íoslódáil an treoir iomlán (PDF) anseo