Cuireann An Foras Pátrúnachta fáilte roimh ráiteas an Aire Oideachais (5 Aibreán) go leanfar ar aghaidh le tograí tógála scoileanna mar a bhí sceidealaithe.
Bhí sé fógraithe ar an 7 Márta 2023 go mbeadh 58 togra tógála scoileanna curtha ar athló de bharr cuinsí airgeadais, 5 scoil faoin bhForas ina measc: Gaelscoil an Inbhir Mhóir (An t-Inbhear Mór), Gaelscoil na gCeithre Máistrí (Baile Dhún na nGall), Gaelscoil Lir (Teach Sagard), Gaelscoil Phádraig (Baile Breac), agus Gaelscoil Eois (Cluain Eois).
Deir Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, go bhfuil ríméad air do na scoileanna ar fad. “Is féidir lenár scoileanna breathnú chun cinn le dóchas anois agus iad ag súil lena gcóiríocht nua.” Ghabh sé buíochas leis An Roinn Oideachais agus leis an Rialtas as an obair a rinne siad le cúpla seachtain a chinntigh go raibh maoiniú curtha ar fáil chun leanúint leis na tograí seo.
Is cúis mhór faoisimh do scoileanna An Fhorais an nuacht seo chomh maith. “Tá faoiseamh orainn go bhfuil réiteach faighte ar an moill seo” a dúirt Roise Uí Labhraidh, Príomhoide Ghaelscoil Phádraig (Baile Breac).”Tá súil againn go ndéanfaidh an Roinn Oideachais gach iarracht na tionscnaimh a bhogadh ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir.” Dúirt Uí Labhraidh chomh maith go bhfuil sí ag súil le go mbeidh tosaíocht tugtha do scoileanna atá ag fanacht ar fhoirgnimh buan le fada an lá. “Tá Gaelscoil Phádraig ag fanacht seacht mbliana is fiche chun cóiríocht bhuan a fháil.”