Preasráiteas na Roinne: Cuirfear leabhair saor in aisce ar fáil do pháistí scoile ó Mheán Fómhair 2022
Léigh preasráiteas anseo: https://www.gov.ie/ga/preasraitis/b8c59-minister-for-children-announces-free-books-for-all-children-starting-school-in-september/
Tá áthas ar an Aire Leanaí “Mo Leabharlann Bheag” a fhógairt. Tionscadal speisialta i gcomhair leanaí atá ag tosú ar scoil atá ann.
Leis an tionscnamh seo de chuid Na Chéad 5 beifear ag cur mála leabhar ar fáil do gach leanbh atá ceithre nó cúig bliana d’aois agus atá ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair.
Gheobhaidh na leanaí cuireadh tríd a suíomh um fhoghlaim agus cúram na luathóige chun cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil, le mála leabhar a fháil agus le ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann.
Leis an tionscnamh seo, tá súil againn go mbeidh leabhair scéalta ag gach leanbh sa bhaile agus go mbeidh gach leanbh ina bhall dá leabharlann áitiúil agus é/í ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair 2022.
Má bhíonn do leanbh ag tosú ar scoil, agus mura mbíonn cuireadh faighte aici/aige fós, níl le déanamh ach téigh go dtí an leabharlann, agus cárta aitheantais agat. Tabhair dáta breithe do linbh don leabharlannaí agus beidh an mála leabhar agus an cárta speisialta leabharlainne réidh duit ón 4ú Aibreán amach.