Fógraíonn an tAire Foley foilsiú Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht
Sheol an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht, céim mhór chun tosaigh chun déileáil le bulaíocht ar scoil agus chun í a sheachaint. D’fhorbair an Roinn Oideachais an plean gníomhaíochta seo i gcomhar le Coiste Stiúrtha ilchineálach, faoi stiúir an Dr. Noel Purdy ó Choláiste Ollscoile Stranmillis i mBéal Feirste, agus cuimsíonn an plean tuairimí leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, oibrithe scoile, páirtnéirí oideachais agus daoine aonair ón bpobal chun an dalta a chur ag croílár an phlean.
Tógann an plean seo ar atá bainte amach agus ar uaillmhian an Phlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht 2013, a chuaigh roimhe, agus ar an obair atá déanta le blianta anuas le cinntiú gur áiteanna sábháilte agus sona d’ár leanaí agus daoine óga uile iad ár scoileanna.
I measc na mórghníomh tá:
- Bunachar sonraí náisiúnta nua a fhorbairt chun tuairisc bhliaintiúil ar an mbulaíocht ar scoil a fhoilsiú
- Eolas agus scileanna mic léinn mhúinteoireachta agus oibrithe scoile a fheabhsú maidir le déileáil le bulaíocht agus í a sheachaint
- Próiseas aitheantais a fhorbairt, mar shampla bratach Cineáltas, le haghaidh scoileanna a chuireann gníomhaíochtaí i bhfeidhm chun déileáil le bulaíocht agus chun í a sheachaint
- Scéim píolótach tacaíochta comhairleoireachta do bhunscoileanna
- Treoir a thabhairt ar bhunú múnla Foireann Tacaíochta Daltaí i mbunscoileanna móra
- Aonad ar leith a bhunú sa Roinn Oideachais chun glór leanaí agus daoine óga a chur chun cinn agus chun cinntiú go bhfuil ionchur suntasach acu i bhforbairt pholasaí na Roinne
- Dul chun cinn ar Bhille na gCairt agus Treoirlínte Cairte a fhorbairt a neartóidh glór agus rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga, agus a dtuistí, i bforbairt agus feidhmiú polasaithe scoile.
Dúirt an tAire Foley: “Tá ár scoileanna spleodrach, nuálach agus thar cheann gach rud eile ionchuimsitheach mar áiteanna foghlama, ach is fírinne do-ghlactha í an bhulaíocht do roinnt bheag leanaí agus daoine óga.
“Ní cóir go mbeadh taithí ar bith ag aon pháiste ar an mbulaíocht; ina measc cibirbhulaíocht, ciníochas, bulaíocht de bharr féiniúlachta inscne nó ciapadh gnéis, ná aon chineál eile.
“Tá treochlár soiléir sa phlean seo a thaispeánann conas gur féidir leis an bpobal oideachais agus an tsochaí teacht le chéile chun déileáil le bulaíocht inár scoileanna agus chun í a sheachaint.
“Cuideoidh cur i bhfeidhm na ngníomh sa phlean seo leis an obair atá ar siúl againn cheana féin chun leanaí agus daoine óga inár scoileanna a chosaint ó gach diobháil. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfuil folláine ár leanaí agus ár ndaoine óga chun tosaigh i ngach aon rud atá ar siúl againn.
“Ba mhian liom aitheantas a thabhairt do na daoine ar fad a bhain páirt sa phróiseas comharliúcháin, go háirithe iad siúd a bhí bainteach leis an gcoiste stiúrtha. De bharr a gcuid oibre, cuimsíonn an plean seo gach cheann den naoi gcomhpháirt den gcur chuige UNESCO “Whole Education Approach”. Ba mhaith liom chomh maith, mo bhuíochas a chur in iúl do na leanaí agus na daoine óga ar fad a thug cuidiú éifeachtach le linn an bpróiseas chomhairliúchán, agus atá a nguthanna cloiste i bhforbairt an phlean seo.”
Tá Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht fréamhaithe sna ceithre mhórphrionsabal seo a leanas:
Cosc: Is iad oideachas agus giniúint na comhbhá na bunchlocha don eolas, don mheas agus don ionchuimsitheacht
Tacaíocht: Soláthraíonn tacaíochtaí inbhraite agus spriocdhírithe creat do phobail scoile chun oibriú le chéile
Maoirseacht: Spreagann ceannaireacht sofheicthe timpeallachtaí dearfacha do leanaí agus don phobal scoile
Pobal: Le pobail scoile ionchuimsitheacha atá nasctha forbraítear caidreamh agus comhpháirtíochtaí dearfacha.
Agus Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht a fhorbairt, bhí próiseas leathan comhairliúcháin ar bun.
- Os cionn 50 cur i láthair déanta don choiste stiúrtha
- Os cionn 4,600 freagra faighte ar an gceistneoir comhairliúcháin poiblí
- 78 aighneacht faighte ón bpobal mar fhreagra ar an iarratas poiblí d’aighneachtaí
- 41 ball foirne scoile agus bord bainistíochta páirteach i bhfócasghrúpaí scoile
- 170 paiste agus duine óg bainteach sa chomhairliúchán, ina measc páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, páistí ón Lucht Siúil agus an pobal Roma, páistí ón Úcráin agus teifigh.
Tá cóip den bPlean Gníomhaíochta ar fáil anseo: gov.ie/pleangniomhaiochtaarbhulaiocht
CRÍOCH