PREASRÁITEAS: Cuirtear fáilte roimh infheistíocht €7.55 billiún san earnáil ach moltar go gcoinneofar tionscadail tógála scoile ar an mbóthar ceart do 2026

Jill Mc Mahon

28/01/2026

Nuacht ar Fad | Riachtanais Speisialta

Cuireann An Foras Pátrúnachta fáilte roimh fhoilsiú an Roinn Oideachais agus Óige ar an bPlean Infheistíochta Earnála: Oideachas agus Óige, ina leagtar amach infheistíocht shuntasach €7.55 billiún i dtógáil agus i bhforbairt foirgneamh scoile ar fud na tíre.

Aithníonn an Foras go bhfuil an infheistíocht seo ríthábhachtach chun freastal ar dhaonra atá ag fás, ar an éileamh ar áiteanna scoile – go háirithe soláthar ranganna speisialta – agus chun feabhas leanúnach a chur ar inbhuanaitheacht agus ar chaighdeán fhoirgnimh scoile.

Dul chun cinn dearfach le feiceáil, ach cur i gcrích tráthúil fós riachtanach

Cé go gcuireann An Foras Pátrúnachta fáilte roimh an bhfís fhadtéarmach atá leagtha amach sa Phlean, admhaítear go bhfuil imní ann fós maidir le líon suntasach tionscadal tógála scoile atá sa chóras faoi láthair agus nach bhfuil tosaithe nó curtha i gcrích go fóill.

Dúirt Bainisteoir Cóiríochta An Fhorais Pátrúnachta, Siobhán Ní Dhúill, go bhfuil dul chun cinn dearfach á fheiceáil do roinnt scoileanna le gairid:

“Táimid an-bhuíoch don Roinn Oideachais agus Óige as foirgneamh ocht seomra ranga a cheannach do Ghaelscoil Bhreifne (an Cabhán), as dhá sheomra ranga breise a sholáthar do Ghaelscoil Dhochtúir Uí Shuilleabháin (Corcaigh), agus as dhá rang speisialta a bhunú i nGaelscoil Phortlaoise (Laois). Ina theannta sin, tá oibreacha leanúnacha ar bun ar fhoirgneamh Ghaelscoil Eoin (Átha Cliath) chun foirgneamh nuálach le grád fuinnimh an-ard a chur ar fáil don scoil.”

Ag an am céanna, thug sí le fios go bhfuil gá fós le dul chun cinn níos comhsheasmhaí ar thionscadail eile. Faoi láthair, tá 22 bunscoil agus 3 iar-bhunscoil de chuid An Fhorais sa phróiseas tógála, agus spriocdháta 2026 luaite leo. Mar sin féin, tá moilleanna suntasacha ar aiseolas ón Roinn Oideachais agus Óige do chuid de na scoileanna sin.

“Ba mhian linn go mbeadh soiléireacht agus dul chun cinn rialta ar fáil do gach scoil dár gcuid,” a dúirt sí.

Léirigh Ní Dhúill dóchas go gcuideoidh an Plean Infheistíochta Earnála leis an mbrú millteanach atá ar scoileanna faoi láthair a laghdú, go háirithe ar na scoileanna sin a bhfuil dualgas reachtúil orthu ranganna speisialta a oscailt:

“Tá éileamh leanúnach agus méadaitheach ar spásanna i ranganna speisialta agus ní bhíonn an t-infreastruchtúr cuí ar fáil i gcónaí chun freastal go hiomlán ar riachtanais chasta na ndaltaí.”

Ina theannta sin, tá roinnt scoileanna fós ag feidhmiú i gcóiríocht shealadach tar éis blianta fada, lena n-áirítear Gaelscoil Mhúscraí agus Gaelscoil Phádraig. Dúirt Ní Dhúill:

“Tá an dá scoil seo i gcóiríocht shealadach le blianta fada, agus táthar fós ag fanacht ar dheimhniú ón Aire go bhfuil cead tugtha do na hoibreacha riachtanacha ar fhoirgneamh buan do Ghaelscoil Phádraig agus suíomh ceannaithe do Ghaelscoil Mhúscraí.”

Tá tionchar díreach ag moilleanna den sórt sin ar phobail scoile, ar dhaltaí, ar theaghlaigh agus ar fhoireann scoile, go háirithe i gcás scoileanna atá ag feidhmiú i bhfoirgnimh shealadacha nó mhí-oiriúnacha. Tá An Foras Pátrúnachta dóchasach, áfach, go gcuirfidh an infheistíocht seo dlús faoin obair agus go dtabharfaidh an Roinn Oideachais agus Óige tosaíocht do na tionscadail seo, le hamlínte agus cumarsáid soiléire agus cur i gcrích tráthúil.

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR 

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.

Agallamh ar fáil ar iarratas:

  • Bainisteoir Cóiríochta: Siobhán Ní Dhúill siobhan@foras.ie 086-803 2226
  • Bainisteoir Cumarsáide: Jill McMahon jill@foras.ie, 083-093 2977