PREASRÁITEAS: Comhchoiste na Gaeilge, 24.04.24

Jill Mc Mahon

24/04/2024

Meánleibhéal | Nuacht ar Fad | POLG

Tugtha le fios go bhfuil an tAire Foley ag cur bac ar rochtain ar an oideachas lán-Ghaeilge

Béim leagtha ag An Foras Pátrúnachta ar an ngá atá le gníomhartha chun spriocanna an stáit a bhaint amach

Mar gheall ar bheartas reatha na Roinne gan ghaelscoileanna nua a oscailt, ná an rogha a thabhairt do dhaltaí gaelscoile leanúint lena gcuid oideachais trí Ghaeilge ag an dara leibhéal, tá an chéad laghdú tagtha ar líon na na ndaltaí in oideachas lán-Ghaeilge le 50 bliain anuas. Tá sé seo de réir figiúirí ó na trí scoilbhliain is déanaí (idir 2020-21 agus 2022-23) atá curtha ar fáil ag An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge sa tír, ag cruinniú de chuid Chomhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do Phobal na Gaeilge inniu.

Tá sé mar aidhm ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú trí oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar. Ina theannta sin, cuimsíonn an Clár Rialtais spriocanna chun líon na ndaoine óga i scoileanna lán-Ghaeilge a dhúbailt, chomh maith le gaelscoileanna agus gaelcholáistí a sholáthar i gceantair ina bhfuil éileamh mór orthu. Ó 2022 i leith, áfach, níl aon phróiseas ag an stát chun scoileanna nua a bhunú agus níl aon scoileanna nua oscailte le linn na tréimhse seo ach oiread.

Dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “Le blianta beaga anuas, tá líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal tite ó 8.1% go 8.0%, agus ó 3.7% go 3.5% ag an dara leibhéal.”

Ar thaobh amháin shínigh an rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí in 2021. Áiríonn sé seo foráil lena chinntiú go mbeidh duine as gach cúigear earcaithe chuig an tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Ar an taobh eile, cuireann siad bac ar rochtain ar an ngaelscolaíocht, go háirithe ag an dara leibhéal. Cad as a thiocfaidh an 20% d’earcaigh? Tá easpa iomlán comhoibrithe ar fud an rialtais.”

Tá iarracht déanta ag An Foras Pátrúnachta dul i dteagmháil leis an Aire agus leis an Roinn, agus tá gach iarracht déanta tacú leis na pobail atá ag lorg gaelscolaíochta dá bpáistí. “Tá neamhaird déanta ag an Aire agus ag an Roinn ar ár n-iarrachtaí dul i mbun cainteanna ar ghaelcholáistí a oscailt” a dúirt Ó hEaghra agus é ag tagairt d’fheachtas tuismitheoirí do ghaelcholáiste nua i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Áit amháin ina mothaíonn go leor teaghlach na fadhbanna seo is ea Oirdheisceart na Mí, ceantar atá ag fás go mór agus ina bhfuil 4 ghaelscoil cheana féin (Gaelscoil na Mí; Gaelscoil na Cille, Gaelscoil na Ríthe agus Gaelscoil Thulach na nÓg). In ainneoin go bhfuil na scoileanna seo taobh istigh d’aistear 20 nóiméad óna chéile agus breis agus 1,100 dalta ag freastal orthu, tá ráta aistrithe na ndaltaí seo go gaelcholáistí gar do 0%.

Ag Coiste Oireachtais an lae inniu, dúirt Cormac McCashin, Cathaoirleach Ghaelscoil na Mí, “Tá an t-éileamh ar ghaelcholáiste soiléir. Tá infheistíocht mór a dhóthain déanta ag an stát ag an mbunleibhéal le go mbeidh 1,200 dalta ag freastal ar na gaelscoileanna go luath . Mar sin féin, níor éirigh leis an Roinn Oideachais leanúint ar aghaidh lena hinfheistíocht ag an dara leibhéal. Níl aon ghaelcholáiste sa cheantar le freastal ar an líon mór scoláirí seo agus níl ciall ar bith leis, go háirithe nuair is a mhalairt ar fad atá i mbeartas an stáit.”

Dúirt Ó hEaghra go bhfuil an t-éileamh ar ghaelscolaíocht an-soiléir ó shonraí a bailíodh le linn an chomhairliúcháin ar Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge (Lúnasa 2023), taighde ón ESRI agus ó Chonradh na Gaeilge, chomh maith le líon na dtuismitheoirí a vótáil sna próisis phátrúnachta idir 2012 agus 2021. “Tá sé soiléir ó na figiúirí seo go léir go bhfuil an bhearna idir éileamh agus soláthar ag dul i méid”.

Le cur ar chumas an stáit a spriocanna féin a bhaint amach, tá gníomhartha molta ag An Foras Pátrúnachta inniu – próiseas nua chun scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú, reachtaíocht chun a chinntiú go bhfuil oideachas lán-Ghaeilge ina cheart ag gach duine agus dualgas reachtúil a chur ar an Roinn Oideachais chun líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás.

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR 

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.

Agallaithe ar fáil ach iad a iarraidh