
‘Deis chaillte’ atá sa Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge deireadh a chur leis an mbac ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.
English version available on English version of this site
Deir An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, go bhfuil neamhaird á dhéanamh ar thorthaí an chomhairliúcháin agus ar thorthaí an taighde sa Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge a foilsíodh inniu.
Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Cathaoirleach An Foras Pátrúnachta, “Is í an Ghaelscolaíocht an cur chuige is rathúla riamh sa stát maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge agus ba í an phríomhtheachtaireacht ón taighde agus ón gcomhairliúchán ná go bhfuil gá le tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge. Cén fáth a bhfuil an tAire tar éis neamhaird a dhéanamh de mhianta an phobail?
“Is éard atá fógartha ag an Aire inniu ná tascfhórsa a chur ar bun chun ceist atá freagartha cheana féin a fhreagairt. Is cosúil go bhfuil gach uile rud á dhéanamh seachas cinneadh a ghlacadh cur leis an soláthar lán-Ghaeilge.”
“Níl aon cheannaireacht ná fís léirithe ag an Aire maidir le spriocanna sa pholasaí. Tá an tascfhórsa nua ag obair i bhfolús gan sprioc. Féach ar an mBreatain Bheag mar léiriú ar cad a d’fhéadfadh a bheith fógartha ag an Aire inniu. Tá siad tiomanta do sprioc 40% de dhaltaí ag fáil oideachas trí Bhreatainis faoi 2050. Cén fáth nach bhfuil sprioc á leagan síos ag an Aire?”
Deir Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, “Bunaíodh 100 scoil lán-Ghaeilge idir 1980 agus 2000 nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona. Bunaíodh 12 scoil le 10 mbliana anuas agus go leor airgid ag an stát. Tá an Roinn ag caitheamh airgead mór ag cur síneadh le scoileanna reatha, rud a mhéadaíonn an rósholáthar scoileanna meán-Bhéarla agus a dhéanann neamhaird den éileamh neamhchomhlíonta ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá 13 contae sa tír nach bhfuil aon ghaelcholáiste iontu.”
Deir Síofra Ní Nualláin, tuismitheoir i nGaelscoil na Mí: “Tá an-díoma orm leis an bpolasaí atá fógartha inniu. Tá mo pháistí ar scoil i gCill Dhéagláin i ndáilcheantar an Aire. Tá 3 ghaelscoil lastigh de 15 nóiméad uainn ach níl aon ghaelcholáiste sa cheantar. Tá an daonra ag fás go mór agus tá an Roinn ag caitheamh na milliún ar shíneadh a chur le meánscoileanna Béarla seachas aon áit a chur ar fáil i ngaelcholáiste. Tá pobal mhí thor ligthe síos go mór ag an Aire inniu.”
Tá neamhaird á dhéanamh ar spriocanna Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an líon cainteoirí a mhéadú. Tá neamhaird ar an gClár Rialtais líon na scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú. “Cad as a thiocfaidh an 20% d’earcaigh don tseirbhís phoiblí a bheidh inniúil sa Ghaeilge?” a fhiafraíonn Ó hEaghra, “Tá easpa iomlán comhoibrithe ar fud an rialtais.”
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.
Agallamh ar fáil ar iarratas:
-
Jill Mc Mahon, Bainisteoir Cumarsáide – 083-0932977
-
Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí – 086-1738044
-
Síofra Ní Nualláin, Tuismitheoir Ghaelscoil na Mí – sonraí teagmhála ar fáil ar iarratas
