Leagan Gaeilge (Click here for English version)
A Thuismitheoir/Chaomhnóir, a chara,
Teastaíonn do chabhair chun an t-oideachas is fearr do do pháiste a chinntiú. Tá polasaí don Ghaelscolaíocht á fhorbairt ag An Roinn Oideachais agus beidh éifeacht mhór aige ar do pháiste.
Tuigimid go léir na dúshláin a chuireann isteach ar scoileanna agus ar oideachas do pháiste: easpa múinteoirí, easpa acmhainní, easpa seirbhísí tacaíochta, easpa gaelcholáistí, easpa foirgneamh buan, srl. Is féidir leis an bpolasaí nua na dúshláin seo a réiteach ach caithfear iad a chur in iúl don Roinn.
Tá guth tábhachtach agat mar thuismitheoir. Is féidir é a úsaid trí cheistneoir na Roinne a chomhlánú. Mar chabhair duit, tá freagraí samplacha ceangailte mar threoir nó a úsáid.
Seo an gníomh is mó gur féidir leat a dhéanamh ar son oideachais do pháiste. Tá An Roinn ag éisteacht, úsáid do ghuth!
Le dea-ghuí,
Ard-Rúnaí,
An Foras Pátrúnachta