Pacáiste Eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge (COGG)

Jill Mc Mahon

25/09/2023

Nuacht ar Fad

Seoladh COGG: Pacáiste Eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge

Seolfaidh an tUasal Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, an Pacáiste eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge go hoifigiúil, ag móraonach Gairmeacha an Iarthair, Options West, in óstán Galway Bay, ar an Máirt 26 Meán Fómhair ag 12:30 i.n. 

Díríonn an acmhainn seo ar an iliomad deiseanna agus ar na cosáin ghairme atá ar fáil do dhaoine óga a bhaineann le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.  Táthar ag súil go mbeidh an pacáiste ina chabhair mhór do phríomhoidí, do chomhairleoirí treorach, do chomhordnóirí idirbhliana, do mhúinteoirí Gaeilge agus do phobal uile na scoileanna.  “Táimid an-bhródúil as an obair seo mar is iarracht atá ann a lán eolais a bhí scaipthe agus deacair le teacht air faoi chúrsaí tríú leibhéal, faoin éagsúlacht fóstaíochta le Gaeilge, faoi dheiseanna oiliúna ar nós printíseachtaí do Ghaeilgeoirí, a thabhairt le chéile in aon áit amháin” a mhíníonn Aoife Ní Shéaghdha, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile le COGG.

Seoladh cóipeanna den acmhainn seo, a bhfuil dhá bhileog déag éagsúil san áireamh a dhíríonn ar réimsí éagsúla deiseanna  ar nós na meán, an aistriúcháin, an státsheirbhís,  amach go dtí na hiar-bhunscoileanna ar fad atá ag teagasc trí Ghaeilge an tseachtain seo caite.  Anuas air sin,  den chéad uair bhí  seastán ag COGG ag  an gCeathrú Ghaeltachta a reáchtáil Higher Options/Irish Times san RDS chun daoine óga a chur ar an eolas faoi na deiseanna agus gairmeacha atá ann dóibh le nó trí Ghaeilge.

Táthar ag súil leis na mílte scoláirí ón gcúigiú agus ón séú bliain ó iar-bhunscoileanna an iarthair go Options West óna 9.00 r.n. go 14.30 i.n. amárach, 26 Meán Fómhair – scoláirí Gaeltachta agus lánGhaeilge ina measc. Cuirifidh Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG, fáilte roimh lucht freastail an tseolta ar 12.30 i.n. agus beidh cúpla port le cloisint ag an ócáid ó cheoltóirí Chois Fharraige

“Is cúis mhór áthais do COGG go bhfuil tacaíocht na Roinne Oideachais go hiomlán laistiar den phacáiste toisc é a bheith ag teacht go smior leis an gcuraclam Treorach don iar-bhunscoil. Tá an áis, a bhfuil leagan digiteach dó ar fáil ar shuíomh COGG,  go hiomlán as Gaeilge faoi láthair agus dírithe go príomha ar scoileanna atá ag teagasc trí Ghaeilge ach níl aon bhac ar éinne ó aon scoil eile an acmhainn a úsáid mar atá sí.  Forbrófar leagan dhátheangach den phacáiste amach anseo dírithe ar scoileanna uile na tíre” a mhíníonn Ní Fhearghusa.

Leanfar le hobair ghairmeacha COGG i gcaitheamh na bliana. Reáchtálfar ceithre cheardlann ar bhonn réigiúnach idir seo agus deireadh na bliana i gcomhar le saoloibre.ie (careersportal.ie) ina dtabharfar spléachadh ar an bpacáiste agus ar an Treoir trí Ghaeilge do mhúinteoirí/príomhoidí iar-bhunscoile – a thuilleadh eolais/dátaí ag teacht.

 

A thuilleadh eolais: aoife@cogg.ie/086 8113556

COGG | Sonraí Acmhainní (tairseachcogg.ie)