P30 Rátaí Pá Athbhreithnithe do Choimhdirí Bus 2025/2026

Jill Mc Mahon

29/05/2026

Airgeadas | Nuacht ar Fad

P30 Rátaí Pá Athbhreithnithe do Choimhdirí Bus 2025/2026

1. Réamhrá

Faoi Chiorclán 0061/2026, tá an ráta pá in aghaidh na huaire do choimhdirí bus scoile le méadú an 1 Meitheamh 2026.

2. Méadú ar an Ráta in aghaidh na hUaire

Ón 1 Meitheamh 2026, tá an bunráta pá in aghaidh na huaire do choimhdirí bus méadaithe ó €15.82 go €15.98 in aghaidh na huaire, féach Aguisín 3 de Chiorclán 0061/2026.

3. Pá Saoire

Ba cheart pá saoire a ríomh ag ráta 8% den ráta in aghaidh na huaire. Níor cheart pá saoire a chur leis an mbunráta pá agus ba cheart é a íoc mar íocaíocht ar leith i rith shaoirí na Nollag, na Cásca agus an tsamhraidh.

4. Liúntas Riaracháin

San áireamh sa deontas tá liúntas riaracháin a ríomhtar ag 5% de na huaireanta a oibríonn coimhdirí bus. Cabhraíonn an liúntas sin leis an scoil costais fostaithe coimhdirí bus a sheasamh.

5. Scaipeadh

Iarrtar ort a chinntiú go scaiptear cóipeanna den chiorclán agus den treoirlíne ar chomhaltaí uile an bhoird bainistíochta agus go dtarraingítear aird gach coimhdire bus atá fostaithe agaibh orthu, iad siúd atá ar saoire san áireamh.

6. Ábhar Tagartha

Tá an treoirlíne seo bunaithe ar Chiorclán 0061/2026.

7. Tuilleadh eolais

Is féidir tuilleadh eolais nó soiléiriú a fháil ar aon cheann de na saincheisteanna sa Treoirlíne seo ach dul i dteagmháil le FSSU nó ríomhphost a chur chuig escorttransport@education.gov.ie.