P29 Clár Samhraidh 2026

Jill Mc Mahon

14/05/2026

Airgeadas | Nuacht ar Fad

P29 Clár Samhraidh 2026

Réamhrá

Eagróidh an Roinn Oideachais agus Óige an Clár Samhraidh scoilbhunaithe arís in 2026. Is é príomhthosaíocht Chlár Samhraidh 2026 go mbeidh rochtain ag na leanaí sin ag a bhfuil na riachtanais is casta ar Chlár Samhraidh scoilbhunaithe. Tá dhá scéim i gceist le Clár Samhraidh 2026 i gcás bunscoileanna príomhshrutha: 1. Scéim na mBunscoileanna 2. Campa Samhraidh DEIS um an Litearthacht agus um an Uimhearthacht/Campaí Samhraidh Tá tuilleadh eolais le fáil maidir leis an scéim anseo. Tabhair faoi deara, is féidir le daltaí a bheith páirteach i gclár scoile amháin. Ní féidir le páiste a ghlacann páirt i Scéim na mBunscoileanna páirt a ghlacadh sna Campaí Samhraidh Litearthachta agus Uimhearthachta (ná a mhalairt). Mar an gcéanna, níl daltaí atá le páirt a ghlacadh i gclár scoile incháilithe don chlár bunaithe sa bhaile, go fiú mura raibh siad ag freastal ar chuid de chlár scoilbhunaithe.

Clárúcháin

Dúnann clárúcháin don Chlár Samhraidh 2026 ar an 15 Bealtaine 2026. Cuireadh an nasc chuig an tairseach in iúl do na scoileanna trí ríomhphost. Mura bhfuil rochtain ag scoileanna ar an nasc clárúcháin, ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh le foireann an chláir samhraidh trí ríomhphost ag schoolsummerprogramme@education.gov.ie.

Íocaíocht

Deontais Gheobhaidh scoileanna atá páirteach i Scéim na mBunscoileanna 2026 an deontas €30 in aghaidh an dalta in aghaidh na seachtaine. Ní mór do scoileanna an tuairisceán um líon daltaí a chomhlánú ar thairseach Esinet, agus íocfar an deontas i mí Dheireadh Fómhair 2026 le scoileanna a mbeidh an tuairisceán sin comhlánaithe acu.