P28 & P42: Deontais Ranga Speisialta 2026/2027

Jill Mc Mahon

13/05/2026

Airgeadas | Ciorcláin | Meánleibhéal | Nuacht ar Fad

P28 & P42: Deontais Ranga Speisialta 2026/2027

Réamhrá

Gheobhaidh scoileanna a fhaigheann cead ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) chun rang speisialta nua a bhunú don scoilbhliain 2026/2027 Deontas Nuathionscanta de €30,000. Tacaíonn an deontas seo le scoileanna timpeallachtaí foghlama oiriúnacha a bhunú do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO) níos casta nó níos déine acu. Tá tuilleadh treorach faoi dheontais chun ranganna speisialta a bhunú ar fáil i gCiorclán 0035/2025 na Roinne Oideachais agus Óige. Moltar do scoileanna an téarma “rang speisialta” a úsáid seachas an téarma “aonad”.

Achoimre ar na Deontais:

a. Deontas Nuathionscanta (€30,000) Íocfar an Deontas Nuathionscanta le gach scoil atá ceadaithe ag an NCSE chun rang speisialta nua a bhunú don scoilbhliain 2026/27. Baineann an íocaíocht deontais seo le gach rang speisialta nua agus ní gá do na scoileanna ábhartha iarratas a dhéanamh ina leith. Íoctar an deontas seo go huathoibríoch le scoileanna (príomhshrutha nó speisialta) a luaithe a cheadaíonn an NCSE an rang speisialta. Tabharfaidh an deontas seo a dhóthain solúbthachta do scoileanna chun bunú ranganna speisialta nua a éascú. Cuimseoidh sé an deontas tosaithe reatha, deontas chun seomra céadfach a fheistiú/spás ciúin a chruthú, chomh maith le deontas Troscán & Trealamh agus deontas TFC a bhfuil luach iomlán de €30,000 aige. Má chomhlíontar na bunriachtanais ina n-iomláine, is féidir le scoileanna aon mhaoiniú iarmharach a úsáid le haghaidh mionfheabhsuithe eile a dhéanamh laistigh den spoil a thacóidh le cuimsiú daltaí a bhfuil RSO acu….tuilleadh eolais