P27: An Tábhacht le Buiséadú don Scoilbhliain 2026/2027
1. Réamhrá
P27: Meabhrúchán is ea an treoir seo ar an tábhacht a bhaineann le buiséad scoile a ullmhú don chéad scoilbhliain eile.
2. Fáthanna le buiséadú a dhéanamh
Tá sé riachtanach faoi cháipéis rialaithe na scoile buiséad a réiteach. Is cuid ríthábhachtach de dhea-phleanáil airgeadais agus de dhea-bhainistíocht scoile é buiséad a réiteach roimh an scoilbhliain nua.
Ach buiséad maith a réiteach, cuideoidh sé leis an scoil na nithe a leanas a dhéanamh:
- cinntiú nach dtéann caiteachas thar theacht isteach,
- acmhainní airgeadais na scoile a rialú agus a chinntiú go mbaintear lántairbhe astu,
- cinnteoireacht éifeachtach a éascú, • cuidiú leis an bPríomhoide acmhainní airgeadais a bhainistiú ó lá go lá,
- caiteachas na scoile a ailíniú le heiteas agus misean na scoile, agus
- cinntiú go gcomhlíonann an scoil a ceanglais reachtúla.
Ach an buiséad a ullmhú go luath, cuirfidh sé bonn daingean airgeadais faoin mbord don scoilbhliain úr. Tá FSSU ar fáil chun tacú leat i rith an phróisis.

