Réamhrá
Gheobhaidh scoileanna a fhaigheann cead ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) chun rang speisialta nua a bhunú don scoilbhliain 2025/2026 Deontas Nuathionscanta de €30,000. Tacaíonn an deontas seo le scoileanna timpeallachtaí foghlama oiriúnacha a bhunú do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO) níos casta nó níos déine acu. Tá tuilleadh treorach faoi dheontais chun ranganna speisialta a bhunú ar fáil i gCiorclán 0080/2024 na Roinne Oideachais.
Moltar do scoileanna an téarma “rang speisialta” a úsáid seachas an téarma “aonad”.

