P25: Deontas TFC na Roinne Oideachais 2024/2025

Jill Mc Mahon

12/06/2025

Airgeadas | Ciorcláin | Nuacht ar Fad

1. Réamhrá

Tá an chéad tráinse eile den deontas TFC don scoilbhliain 2024/2025 fógartha ag an Roinn Oideachais. Féach Ciorclán 0042/2025 le haghaidh na sonraí iomlána.

 

2. Leithdháileadh cistithe don scoilbhliain 2024/2025

  • Faigheann gach scoil cnapshuim €2,000 agus
  • €25.33 in aghaidh gach dalta a bhí ar na rollaí i mbunscoileanna príomhshrutha ar an 30 Meán Fómhair 2023.
  • €30.40 in aghaidh gach dalta faoi riachtanais speisialta a bhí ar na rollaí ar an 30 Meán Fómhair 2023 i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta atá ceangailte le scoileanna príomhshrutha.
  • €27.86 in aghaidh gach dalta a bhí ar na rollaí ar an 30 Meán Fómhair 2023 i mbunscoileanna sa chatagóir DEIS.