P22: Costais Taistil & Chothaithe do Chomhaltaí BB

Jill Mc Mahon

10/03/2026

Airgeadas | Boird Bhainistíochta | Nuacht ar Fad

P22: Costais Taistil & Chothaithe do Chomhaltaí Boird Bainistíochta & Pearsanra Eile Scoile

Tá sé de rogha ag an mbord bainistíochta cibé acu an íocfar costais taistil agus chothaithe le comhaltaí boird bainistíochta agus le pearsanra scoile. Má aontaíonn an bord bainistíochta go bhféadfar costais taistil agus chothaithe a íoc as taisteal riachtanach atá ag teastáil chun gnó na scoile a dhéanamh, ní mór na nithe seo a leanas a bheith aontaithe:

  • Ní mór don bhord bainistíochta a chinneadh cé a d’fhéadfadh a bheith i dteideal íocaíocht a fháil as costais taistil agus chothaithe
  • Ba chóir don bhord bainistíochta na cineálacha agus na catagóirí gnó scoile a chinneadh a bhféadfar costais a íoc ina leith.
  • Is éard atá sna rátaí taistil Státseirbhíse ná na rátaí uasta a bhféadfar a íoc gan dliteanas cánach a thabhú. Tá an tsaoirse ag an mbord bainistíochta rátaí taistil a shocrú ag ráta ar bith atá cothrom leis an leibhéal seo, nó faoina bhun.

 

Chun ceanglais na gCoimisinéirí Ioncaim agus deachleachtas maidir le rialachas agus bainistiú airgeadais a chomhlíonadh, ba cheart don bhord bainistíochta beartas a chomhaontú agus a fhormheas gach bliain maidir le costais taistil agus chothaithe a íoc le comhaltaí an bhoird bainistíochta agus le pearsanra eile scoile.