P20: Iarratas ar Chárta Creidmheasa

Jill Mc Mahon

27/02/2026

Airgeadas | Boird Bhainistíochta | Nuacht ar Fad

P20: Iarratas ar Chárta Creidmheasa Scoile agus Úsáid a Bhaint as

Is é atá i gcárta creidmheasa ná cárta a eisíonn banc/cuideachta airgeadais le húsáideoir, lena gcuirtear ar chumas an úsáideora sin rudaí a cheannach láithreach, suas le teorainn réamhshocraithe, agus íoc astu ag tráth níos faide ar aghaidh. Is cineál fiachais é cárta creidmheasa. Ós rud é gur cineál fiachais atá i gcárta creidmheasa, is gá cead a fháil roimh ré ó phátrún an bhoird sula ndéantar iarratas ar chárta creidmheasa scoile. Ba chóir an fhoirm iarratais in Aguisín A a chomhlánú agus a chur chuig pátrún an bhoird.