Tugadh isteach Scéim na Leabhar Bunscoile, chun costais a bhaineann le leabhair scoile do leanaí agus do dhaoine óga i mbunscoileanna aitheanta agus i scoileanna speisialta sa chóras saoroideachais a bhaint ó theaghlaigh. Cuimsíonn an scéim dhá dheontas:
- Deontas Leabhar Bunscoile in Aisce, deontas a sholáthraíonn leabhair scoile, leabhair oibre agus cóipleabhair saor in aisce agus, nuair is féidir, acmhainní breise ranga do gach leanbh agus do gach duine óg i mbunscoileanna aitheanta agus i scoileanna speisialta.
- Deontas Tacaíochta Riaracháin, deontas a thacaíonn le scoileanna an scéim a chur i bhfeidhm.

